09 Meitheamh 2009

grá dia & déirc


“Grá dia,” arsa Bidín, le gáire beag searbhasach. “Nílimse ag iarraidh grá dia an Chofaigh ná grá dia ar bith eile.”

- ón úrscéal Stigmata le Pádraig Standún

Is féidir linn “déirc” a chur in áit “grá dia” gan an chiall a athrú.  An rud is suimiúla faoi seo ná gurb ionann an dá fhocal ó thaobh na sanasaíochta de.  Is comhfhocal é “déirc” dáiríre:

dé (Dia) + sercc (searc) = déṡercc = déercc = déirc

5 comments:

  1. Bhuel, is dócha gur déirc atá i ngrá Dé - bronntanas gan é bheith tuillte. Agus is le grá Dé a tugtar déirc go minic.

    Dédhearcadh ar an ndéirc, dar Dé!

    ReplyDelete
  2. Is suimiúil, áfach, go ndéantar idirdhealú ar "grá Dé" agus "grá dia/Dia". Tá "grá Dé" rialta ó thaobh na gramadaí de agus tá a chiall soiléir.

    Ach is eisceacht é "grá dia": dhá fhocal a théann le chéile gan an dara ceann sa ghinideach. Is léir go ndearnadh an disambiguation (imdhealú débhríochta) seo d'aon turas, cé gur chuir sé an ghramadach as a riocht. Bhí daoine ag iarraidh an dá rud a choinneáil deighilte óna chéile, de réir dealraimh.

    ReplyDelete
  3. Tá an débhríocht sin rialta go fóill, a chara..:)

    ReplyDelete
  4. An eisceacht uathúil í "grá dia" ó thaobh sárú na gramadaí mar gheall ar an imdhealú débhríochta de nó an bhfuil samplaí eile den chineál céanna ann?

    ReplyDelete
  5. Is féidir go bhfuil téarmaí eile ann mar sin, .i. dhá fhocal atá ceangailte le chéile gan úsáid an ghinidigh. Ní féidir liom smaoineamh ar cheann eile mar sin anois díreach. Beidh an ceistín seo beo anois i gcúlán iargúlta m'inchinne, áfach, ag creimeadh leis go ciúin. :-)

    ReplyDelete