01 Meitheamh 2009

dhá chló


Níl mé cinnte cé a dhear an chéad cheann. Vincent Morley? Séamas Ó Brógáin a dhear an dara ceann, darb ainm Gadelica. Ní hé seo an chéad uair a shéid mé a adharc anseo. Is maith liom iad araon, ach sílim go bhfuil an choirneáil níos fearr in Gadelica.  An spás idir na litreacha atá i gceist: an grúpa -int- anseo, mar shampla.  Tá níos mó faoi choirneáil anseo.

4 comments:

  1. Ceann de chlónna Vincent Morley atá sa chéad cheann, ceart go leor, ach ní cuimhin liom níos mó cé acu ceann.

    Anois agus tú tar éis m'aird a tharraingt air, tá an ceart agat. Tá an iomarca den spás bán idir "i" agus "n", agus gan a dhóthain idir "n" agus "t".

    Ach siúr, déanfaidh sé sin cúis anywé.

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit. Vincent a dhear é. Bunchló Ársa GC an t-ainm atá air.

    http://www.gaelchlo.com/bunarsgc.html

    Séard ba mhaith liom a fheiceáil freisin ná cló atá níos giorra do lámh na scríobhaithe.

    ReplyDelete
  3. Níl ann ach mo thuairimse ach ...
    dar liom tá cruth níos slachtmhaire ar an dara ceann ach is fearr liom an delta "D" sa chéad ceann. Caithfidh tú alt beag a clóbhuail sa dhá chló, go háirithe má theastaíonn uait féachaint ar spásanna bána.

    ReplyDelete
  4. Aontaím leat go hiomlán, Gerry.

    ReplyDelete