16 Meitheamh 2009

giocsaí i mbosca


6 comments:

  1. N'fheadar an bhfuil sé chomh simplí sin.

    Das Volk hat das Vertrauen des Westens verscherzt. Wäre es da nicht doch einfacher, der Westen löste das Volk auf und wählte ein anderes?

    (I neamhchead do Bhrecht!)

    Níos mó thall agamsa.

    ReplyDelete
  2. Tá sé chomh maith agam Gaeilge a chur ar an sliocht sin... nó iarracht a thabhairt air. :-) Séard a dúirt Brecht ná:

    "Tá an rialtas tar éis muinín sa Phobal a chailliúint. Nach mbeadh sé níos fusa don rialtas an Pobal a lánscor agus ceann nua a thoghadh?"

    Chuir tú "an tIarthar" in áit "an rialtas". Níl le déanamh againn san Iarthar ach fanacht anois. Tá an pobal Iaránach ag athrú in aghaidh an lae. Tá daone óga, daoine na gcathracha, daoine a bhfuil oideachas acu ag iarraidh saol nua dóibh féin. Tá siad bréan den lámh láidir. Beidh leo, luath nó mall. Tús maith é seo.

    ReplyDelete
  3. Sin é.

    Ar léigh tú an alt a bhfuil nasc agam leis thall?

    Tá amhras orm an bhfuil an pobail ag bíogadh san treo gur mhaith linn é. Bím míshuaimhneach faoi iarrachtaí an Iarthar gan plé le ceannairí tofa nach dtaithníonn linn - Hamas, ceannairí i Meiriceá theas, 7rl. Cinnte, daoine míthaitneamhacha iad. Ach is dóigh liom go ndlúthaíonn freasúra ón dtaobh amuigh a bpobail leo.

    Is mithid a bheith níos glice! Agus gan a bheith i muinín iad siúd amháin, atá bogtha inár dtreo cheana, chun a fháil amach cad a chreideann muintir na hIaráine. (nó aon tír eile!)

    ReplyDelete
  4. Léigh. Anailís shuimiúil. Tá a lán á scríobh ar na himeachtaí seo, a lán saoithe ag iarraidh greim a fháil ar a bhfuil ag titim amach. Feictear domsa, agus níl ann ach barúil, ar ndóigh, go bhfuil an fhearg sa tír sin níos forleithne agus níos doimhne ná mar a bhí sí le fada an lá.

    ReplyDelete
  5. Cá bhfios nach bhfuil.

    Ach go dtí go mbíonn Fairiseoirí líofa ag súil na cúlbhóithre ag lorg eolas go hionraic - ní bheidh fhios againn!

    ReplyDelete
  6. Ní deacair an teanga í ar aon nós! ;-)

    ReplyDelete