03 Meitheamh 2009

an ghlib

Ós ag caint ar ghruaig a bhíomar, seo cuid de liníocht le Albrecht Dürer, ón séú haois déag.  Tá an pictiúr iomlán le feiceáil anseo. Tá an stíl ghruaige seo cosúil le mullet aisiompaithe: an cúl gearr agus an gruaig fhada aníos ar chlár an éadain.  Dealraí0nn sé go raibh an stíl seo an-choitianta i measc na nGael ag an am sin agus gur chuir sí an-olc ar na Sasanaigh!  Féach an sliocht seo ó reacht a ritheadh i bParlaimint na hÉireann, faoi stiúir Anraoi VIII :

[N]o person ne persons, the King's subjects within this land being, or hereafter to be, from and after the first day of May, which shall be in the yeare of our Lord God a thousand five hundred thirtie nine, shall be shorn, or shaven above the eares, or use the wearing of haire upon their heads, like unto long lockes, called glibbes, or have or use any haire growing on their upper lippes, called or named a crommeal...

4 comments:

  1. Bhí an stíl gruaige sin an-fhaiseanta i measc daoine óga i lár na nóchaidí

    ReplyDelete
  2. Agus tá sí fós an-fhaiseanta i measc na gcapall.

    ReplyDelete
  3. Ní thuigim conas is féidir le hóglach a bheith ag troid leis an stíl gruaige amaideach sin.

    Taispeánann pictiúr Derrick ón aois chéanna go raibh gruaig fhada acu, gruaig shúgánach mar a déarfá

    ReplyDelete
  4. An bhfuil ceangal leis seo ábhar seo lena "Croppies", ó stair na hÉireann? Ceapaim gur stíl bearradh gruaige a bhí ag na réabhlóidigh sa Fhrainc ab ea "Croppy" agus go raibh cosc ar an stíl sin in Éirinn.

    ReplyDelete