26 Deireadh Fómhair 2010

Muck Olla, nó...


... trick or treating ar Oíche Shamhna i gContae Chorcaí sa naoú haois déag:

Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Volume 2 (1892)
pp. 308-09

Maidir leis na foregoing fables, is scéalta ón mbéaloideas iad faoi mhuc mhór nó muca móra a chreach is a bhánaigh an ceantar agus a mharaigh Gearaltach éigin. Is féidir, ar ndóigh, gurb ionann “muck” agus “muc” agus go bhfuil baint ag “olla” leis an aidiacht “oll = ollmhór”. Ní dóigh liomsa gur muc déanta as olann atá i gceist!

Pé scéal é, tá an láir bhán chéanna le feiceáil fós i lár an gheimhreadh sa Bhreatain Bheag, mar a dtugtar Mari Lwyd uirthi. Téann sí ar thosach na ndaoine a théann ó dhoras go doras ar Oíche Chinn Bhliana thall ansin.

Déantar tagairt thuas do na rannta a chan na daoine a lean an láir in Éirinn, agus go háirithe don second distich a raibh coarse expressions ann. Is cosúil go mbeidh a fhios agaibh céard go díreach atá i gceist má tá sibh sách archaeological.


An bhfuil níos mó faoin scéal seo ag éinne anseo?

7 comments:

  1. Is léir nach bhfuilim sách archeological! Níor chuir an cuntas seo agus na hainmneacha atá luaite ann tada i gcuimhne domsa - ach amháin gur mheabhraigh an Muck Olla beithíoch eile dom, mar atá an "eierlegendes Wollschwein" a bhíonns polaiteoirí na dtíortha Gearmáinise á shíorgheallúint do lucht vótála ach tacú scathamh eile leo. Ach is dóichí liom do shanasaíochtsa.

    ReplyDelete
  2. eierlegendes Wollschwein

    Agus tá sí bainniúil freisin, nach ea?
    :-)

    Ós ag caint ar ainmhithe finscéalacha atá muid, an bhfuil leagan Gaelach den ghé a bheireann na huibheacha órga ann?

    ReplyDelete
  3. Seo deilín as Albain, a chuir Iain Moireach ina ghearrscéal “An Aghaidh Choimheach” (1973):

    Ir a bhannan ir a bhó
    Cur a-mach na bannagan
    Ithidh sinn an t-aran gun an t-ìm
    Ithidh sinn an t-ìm gun an t-aran
    Ithidh sinn a' chàis leatha fhéin
    Carson ar réisd a bhiodh sinn falamh
    Chan eil am broinn na fàrdaich
    Nach gabh sinne an dràsda bloigh dheth
    Ach aon nì tha sinn ag àicheadh
    Niùlagan bhuntàta carrach
    Chan eil iad farasd an giùlain
    Chan eil iad sunndach no fallain
    Chumadh iad seachd tràth gun éiridh
    An neach as treuna tha sa’ bhaile.

    A bhean-an-taigh éirich suas
    Geàrr cul càbaig ’s na geàrr bàrr d'òrdaig
    Ach mar a toir thu rud dha na balaich
    Théid do dhubhadh as a’ bhaile
    ’S théid do dhathadh as an teine
    Mach gu Latha Brìde.

    D'aistrigh Colm Ó Baoill an gearrscéal seo go Gaeilge mar “An Aghaidh Mhaide”.

    ReplyDelete
  4. Monuar, seo mo chéad uair ag cloisteáil aon rud faoi "Muc Olla".

    ReplyDelete
  5. Níl ach dhá dhream ann anois a bhfuil suim acu ann:

    1) Págánaigh Nua-aoiseach a deir gur (a) draoi mór; nó (b) dia na gréine a bhí ann.

    2) Críostaithe bunchreidmheacha atá ar aon intinn leis na Págánaigh faoi seo agus a deir gur fianaise é seo gur féile frith-chríostaí atá inti. Deir siad freisin gurb ionann Samhain agus Dia na Marbh.

    ReplyDelete
  6. “Eierlegende Wollmilchsau” a chuala mé féin i gcónaí.

    Ach cuireann an Láir Bhán sin tótam na Sacsanaigh i gcuimhne dhom – Hengist agus Horsa agus mar aon leo siúd bratach na Sacsaine Íochtaraí (féach http://ga.wikipedia.org/wiki/An_tSacsain_Íochtarach).

    Sa Fhrioslainn ó Thuaidh dóitear fear bréige déanta as tuí an oíche roimh an 21 Feabhra (Oíche Fhéile Peadair), agus 's é "Peadar" an t-ainm a cuirtear ar an bhfear freisin. (Tá siad le feiceáil anseo: http://www.youtube.com/watch?v=kLP89kLS6jY). B’fhéidir gur muc déanta as olann a bhí mar shórt tótaim ag na Gaeil san aimsir annallód. Mura bhfuil dul amú orm bhíodh na Ceiltigh an-tógtha do na muca…

    ReplyDelete
  7. An-suimiúil, a Axel!

    Maidir leis an Eierlegende Wollmilchsau, tá scéalta in Éirinn faoi mhuca a mharaítear, a bhruitear, a itear, agus atá slán an lá dár gcionn. Níl a fhios agam, áfach, an raibh ainm ar aon cheann acu.

    Rud eile atá i miotaseolaícht na nGael ná “Coire an Daghda,” coire síorlán a mbíodh flúirse bia ann i gcónaí. “Ní tégedh dám dimdach úadh,” mar a deirtear in Cath Maighe Tuireadh: “ní rachadh dámh diomúch uaidh.”

    ReplyDelete