03 Deireadh Fómhair 2010

focal maith


LS Rawl. B 502, fo. 56r sa Leabharlann Bodleian, Oxford

Leabhar na hUidhre, lch. 7 (LS 23 E 25, Acadamh Ríoga na hÉireann)

Fó ainm do maith is do míad

Fó, ainmfhocal a chiallaíonn maith is miadh
(agus is ionann miadh agus gradam, onóir)

Faightear “fó” agus “fí” le chéile sna sanasáin mheadaracha (metrical glossaries) sna lámhscríbhinní. Níor baineadh mórán úsáide as “fí” riamh, ach bhí rath ar “fó” sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge sula ndeachaigh sé as faisean.

Seo cúpla sampla. Scríobhadh an chéad cheann i lár an ochtú haois (Gluaiseanna Würzburg). Tá an chéad dá cheann eile ón naoú haois (Tecosca Cormaic). Tá an ceann deireanach ó In Cath Catharda, téacs Meán-Ghaeilge.

Is fo lium cia rafesid. = Is maith liom go mbeidh a fhios agaibh.

Cid as fó dam? = Cad is maith dom?

Fó cach tan teine. = Tá tine go maith am ar bith.

Ba fó leis a b[h]ádhadh féin acht co mbáidhedh a námhait leis.

Focal deas gonta é “fó”. Tá iarracht de bhrón orm nach bhfuil sé beo fós.

3 comments:

  1. Go raibh fó agat as an bhfocal sin a roinnt linn, a Dennis!

    ReplyDelete
  2. Ba cheart dom a mhíniú freisin gur fhulaing an focal seo síobadh séimeantach (semantic drift) faoi dheireadh a réime.

    Is fó liom > is maith liom > is cuma liom

    ReplyDelete
  3. An mbeadh sé beo go fóill san fhocal “foays” ag na Manainnigh? - virtue, worth, goodness, value, interest, welfare

    http://www.smo.uhi.ac.uk/multidict/?sl=gv&word=foays

    Agus tchífidh tú an síobadh séimeantach fosta:

    “Cha nel foays erbee aym er”, I take no interest in it.

    Nó an mbeadh “foays” gaolmhar le “feabhas” < “febas”?

    ReplyDelete