... nó, coincheap a fuair meán a dhiongbhála san Oileán Úr
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhRVzAk24uxHIKB3o2avfMPEQs3z_iXboHhKWhFwDc_kRTSTJnakQY3ooH-hbB0_ZMh-R8wjUDRtSOfY8pR6gRQLZavyb7XqSV_F8BpgMVSkZTVkDj3Vg-txp4xovgpDX36NvSWVwRSgL0/s400/turnip2.jpg)
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEibQSyIKkhBhFDHg1AatVjzO6oRLN4d0nkyy-2qD7mpkK0bsjqt0e_X7sX6QhLu_A4VEKyKFZ211LFlOW6MJoYpi9_YxSuyZ0FAMxys_sGvoqxL0Pr9n4LPZmbltF9UGpYl-CY4uvbJeU8/s400/G2560LadiesFloralCabinet.jpg)
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgIx_xwN2Q4v8dp-A0uNL-vLV67i6mJktV1ktg2J2iLlsDqNWn_gKtI9TgaO5Y59vk-uFvoizykfRxRyICnMs9f_rA0bay_6xG2kmHCi3e5OGdUoLA8uqeGliyDGVSxYm2bJUDwDU5U1cs/s400/Legend-Of-Jack-O-Lantern-Wallpaper.jpg)
Tá draíocht ar leith ag baint le lasair sa dorchadas, ó choinneal go tine chnámh. Ba dearthóir ardéirime an chéad duine (an chéad Ghael?) a smaoinigh ar aibhleog a chur isteach i dtornapa a raibh aghaidh gearrtha ann. Ach is beag an canbhás é an tornapa don ealaíontóir. Ní raibh bláthú i ndán don ealaín seo go dtí gur casadh an lasair ar an bpuimcín!
Agus is fearr an anraith a déantar as a fheoil, chomh maith!
ReplyDeleteTá puimcín beag Sweetie Pie™ ag fanacht liom sa chistin. Cheannaigh mé é le haghaidh anraith. Ní mór dom “an t-oideas ceart” a aimsiú ar an idirlíon anois, ó nach bhfuil “spécialité de la maison” agam sa chás seo.
ReplyDelete