19 Deireadh Fómhair 2010

feel



Ar chuir tú dua ort féin riamh le Gaeilge a chur ar abairt Bhéarla a bhfuil an briathar “feel” inti? Céard faoi na trí cinn seo? Thug mé cúpla iarracht ar aistriúcháin. Níl sa dara ceann ach míniú, dáiríre. Tá an tríú ceann beagán aisteach (d'aon turas). Moltaí ag éinne?

I feel good.Tá aoibh mhaith orm.

You feel good.Is breá liom do chorp in aice liom.

This sunshine feels good.Taitníonn taitneamh seo na gréine liom.

11 comments:

  1. Cad faoi na hainmneacha briathartha "brath" "mothaigh" "airigh"?

    ReplyDelete
  2. Cén t-adhmad a bhainfeá as an abairt “Mothaíonn tú go maith" ?

    ReplyDelete
  3. Bruscair adhmaid!

    D'fhéadfá
    "Mothaím/Braithim X" a rá sílim.

    N'fheadar conas uimhir a dó a rá go nádúrtha.

    ReplyDelete
  4. Bhí fúm féachaint an bhfuil samplaí sa chorpas, ach tá sé "thíos" faoi láthair.

    ReplyDelete
  5. Tá tréan samplaí le "mothuigh" sa Tobar:

    Iad seo, abair:
    An oidhche sin, bhí cineál de shólás i n-a croidhe nár
    mhothuigh sí le dhá fhichid bliadhain roimhe sin.
    Mhothuigh sí léan na páise sin i n-a croidhe.

    ReplyDelete
  6. Braithim dán ag teacht chugam! Níl le déanamh ach a lán iarrachtaí a thabhairt ar “abairt uimhir a dó” a aistriú go Gaeilge, agus ansin iad a nascadh le chéile go healaíonta.
    :-)

    ReplyDelete
  7. 1. Airím go maith. Táim istigh liom féin. Is aoibhinn liom a bheith beo.
    2. Is breá liom mo lámh ar do cholainn. Airíonn tú go maith. Is maith liom do chraiceann faoi mo láimh. Is maith liom a bheith ag cuimilt leat.
    3. Is breá liom an ghrian a bheith a scalladh orm. Nach breá é teocht na gréine ar do chraiceann!
    Cá bhfuil an fhadhb?

    ReplyDelete
  8. Ach an bhfuil Airíonn tú go maith ar aon dul leis na habairtí eile a thug tú dúinn faoi uimhir a dó? Nach ionann é sin agus “Tá aoibh mhaith ort” agus mar sin de?

    Níl fadhb ar bith leis na leaganacha Gaeilge, ach amháin go bhfuil siad sách timchainteach i gcomórtas leis na trí fhocal You feel good. Admhaím go bhfuil luí ar leith agam le gontacht!

    ReplyDelete
  9. Airím go maith
    Airíonn tú go maith dom/orm.
    Airionn an ghrian seo go maith orm.

    An 'dom' agus an 'orm' sin ag uimhir a dó ag brath ar céard atá á dhéanamh acu ag an am, is dócha!

    Ach tá leagan sa chaint, deirtear, d'uimhir a dó, 'Feeláileann tú go maith!'

    Bhfuil Gaeilge ar 'don't shoot the messenger'...:-)

    ReplyDelete
  10. @ Cailliomachas & Áine

    Airíonn tú go maith (dom/orm).

    Is cosúil go bhfuil réimse an bhriathair seo ag athrú faoi anáil an Bhéarla. Briathar aistreach a bhí ann (= sense, perceive): airíonn tú go maith = you sense/perceive/hear well.

    ReplyDelete
  11. "Tá mothú aoibhinn ionat."

    Tá gontacht ag gabháil le "You feel good." Ach nach é go bhfágtar cuid de ("... to me.") ar lár? Tá an nath intuigthe gan na focail a fhágtar ar lár de bharr gnáis.

    Sa Ghearmáinis deirtear "Du fühlst Dich gut" i gcomhair "You are feeling good." agus "Du fühlst Dich gut an." i gcomhair "You feel good." Ní mór idirdhealú a dhéanamh.

    ReplyDelete