22 Deireadh Fómhair 2010

i dtaisce



Murab ionann agus cat Néidí, ní bheireann mo dhá chat féiríní chugam. An mhalairt ar fad. Beireann siad rudaí beaga leo “ar iasacht” agus cailleann siad iad. Ní raibh an peann nua a thaitin go mór liom ar mo dheasc anocht. Mar a dúirt mé anseo tamall ó shin, “Is maith le Michael pinn, tairní, agus cipíní itheacháin,” mar sin is airsean a smaoinigh mé láithreach bonn. Síos ar mo ghlúine liom, ag smúrthacht faoin radaitheoir. Ní bhfuair mé an peann ansin, ach seo thuas an dá rud a fuair mé: bonn tíu krónur ón Íoslainn agus liathróid phlaisteach a bhfuil bolgáin sholais LED inti. Lasann siad nuair a bhogtar an liathróid. Cheannaigh mé do na cait í níos mó ná bliain ó shin agus chuaigh sí as amharc i gceann lá nó dhó. Bhí áthas ar Mhichael í a fheiceáil arís!

Ach tá an peann nua caillte fós. Agus ní raibh mé riamh san Íoslainn.

4 comments:

  1. Suimiúil! Is maith liom sluán Clannad! xD

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat!
    Tá cúpla leagan eile de anseo.

    ReplyDelete
  3. Ná chur an locht ar an gcat. Chaill tusa do pheann!!!
    Is maith liom an dán.

    ReplyDelete
  4. Is fíor duit. Fuair mé an peann. Ar an deasc. I bhfolach san fhéilire deisce.

    ReplyDelete