25 Deireadh Fómhair 2010

leathlitreacha


Deirtear go dtuigeann lucht an léinn leathfhocal. Tuigeann lucht léite lámhscríbhinní leathlitir freisin. Seo dhá cheann acu:

corp

Níl san “r” seo ach an dara leath den litir R. Ní bhactar leis an gcuaille.

cen
(gan)

Séard atá in easnamh anseo ná an trasnán sa litir e nó E. Déantar an litir a shíneadh freisin le go mbíonn spás ina hucht (nó ina baclainn?) i gcónaí le haghaidh na litreach a thagann ina diaidh, an “n” sa chás seo.



Seo é an t-aon leathlitir atá coitianta, go bhfios dom, i gclódóireacht an Bhéarla: an i a chaill a phonc in ascaill an f.

2 comments:

  1. Cuireann an fí céanna sin mearbhall sách minic ar chórais OCR!

    Tá an sz coitianta sa Ghearmáinis, cé go bhfuil litir amháin déanta de ó shin - ß

    ReplyDelete
  2. Is iomaí rud a chuireann mearbhall ar OCR, go háirithe más seanleabhar atá i gceist agus síntí fada ann.

    ReplyDelete