01 Deireadh Fómhair 2010

fáinne fí




Cé a chum an téarma seo?

Ciorcal lochtach a thugann de Bhaldraithe, FGB (Ó Dónaill) agus Collins ar vicious circle (cé go bhfuil fáinne lochtach ag Collins freisin). Tá ciorcal lochtach ar an idirlíon freisin, ach ní fiú mórán a lán de na samplaí ansin. (Dála an scéil, defective circle an chiall a bhainim féin as, .i. ciorcal nach bhfuil foirfe.)

Fáinne fí atá ag focal.ie agus Pota Focal araon ar vicious circle, agus tá an leagan seo le fáil ar fud an idirlín. Is cosúil gur téarma réasúnta nua é. An chéad sampla de a fuair mé ar scáileán mo ríomhaire ná an ceann seo ó Dhíospóireachtaí Dála, 16 Samhain, 2000. Éamon Ó Cuív a bhí ag caint:

“Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.”

Is breá liom an téarma seo agus is breá liom an dóigh ar glacadh leis go forleathan agus go sciobtha. Tá an chéad fhocal soiléir. Ach cad as don dara focal? Ní féidir gurb é an t-ainm briathar figh = weave) atá ann - go gramadúil ar aon nós - toisc go mbeadh an ginideach fite ag teastáil ar lorg fáinne.

Ach tá eile ann. Nó bhíodh sé ann. Focal ársa fileata atá i gceist agam, focal a bhí sa tSean-Ghaeilge. Venom, poison, evil an chiall atá leis. Mínítear é i Leabhar na hUidhre: Fí ainm d'ulc & d'anríad. Is ionann ulc agus olc, ar ndóigh, agus is ionann ainríad agus drochiompar. An é seo an atá againn in fáinne fí?

19 comments:

  1. Ceist mhaith. Tá an téarma agam chomh fada sin nach cuimhin liom cár chuala nó léigh mé ar dtúis é.

    Níl ach 21 sampla sa nua-chorpas

    As "An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann" 1990 an sampla is luaithe ann.

    ReplyDelete
  2. Fáilte romhat.

    Is cosúil é bheith ar fáil don pobail tré chéile, ach iarratas a chuir acu.

    Ní thuigim fós conas an leas is fearr a bhaint as.

    ReplyDelete
  3. Feicim go raibh an téarma ann sa Laidin: "Circulus vitiosus".

    Seans go bhfuair na sinsir fréamh an fhocail "fí" ó "vitiosus" agus gur Laidíneachas atá ann?

    ReplyDelete
  4. Ar thug éinne eile faoi ndeara cé chomh cóngarach is atá:

    Fianna Fáil

    agus

    Fáinne Fí?!!!!

    ReplyDelete
  5. "Ar thug éinne eile faoi ndeara cé chomh cóngarach is atá..."

    Sea, a John, níos beaichte fós b'fhéidir: síorthimthriall stair rialtais na hÉireann le Fianna Fáil/Fine Gael = fáinne fí!

    ReplyDelete
  6. B'fhéidir gur cheart dúinn dul i dteagmháil leis an duine a scríobh "An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann" fiche bliain ó shin agus fiafraigh de cá bhfuair seisean an focal?

    @ John

    Bheadh sé níos éasca fós Fine Gael a thiontú go Fí na nGael = Nimh na nGael. Ní ach ag imirt le focail atá mé!!

    ReplyDelete
  7. N'fheadar an bhfuil aon nuafhocail nó nuathéarmaíocht á chruthú i nGaeilge in idirlín?

    Nílim ag caint ar théarmaíocht a bhaineann leis an idirlíon féin ná le cúrsaí ríomhaireachta dar ndóigh - ach foclóir ginearálta.

    ReplyDelete
  8. ASG @ Fí na nGael.

    Chun a bheith cothromach faoi, céard faoi Páirtí an Locht Oibre?

    ReplyDelete
  9. Ceist mhaith, a Mhíshásta. Chum Aonghus cérinneachán = whodunit ar a bhlag tamall ó shin. Rinne mé tagairt dó uair amháin ar mo bhlag féin. Níl a fhios agam, áfach, an ndeachaigh sé níos faide ná sin.

    ReplyDelete
  10. Agus do "fearrchúrsáil" fhéin. Agus GAGA (gan aird gan aire) Áine.

    ReplyDelete
  11. Cuireann fáinne fí téarma eile i gcuimhne dom, mar atá cathair ghríobháin = maze, labyrinth. Is cosúil gurb é Flaithrí Ó Maolchonaire (1561-1629) a bhain úsáid as den chéad uair, ina leabhar Desiderius. Níl a fhios agam cá bhfuair sé é ná céard atá sa dara focal, cé gur léigh mé áit éigin, uair éigin, gur féidir go mbeadh ceangal aige le gríobh = griffon,.

    ReplyDelete
  12. Chum Aonghus cérinneachán = whodunit ar a bhlag tamall ó shin

    Ar mholadh ó Calliomachas, sheol mé an moladh go dtí an gCoiste Tearmaíochta, ach ní rabhadar sásta glacadh leis.

    Cén laidin atá ar "cathair ghríobháin"? Nó b'fhéidir gurbh ó theanga eile a tháinig? Ísiltíreas? "Irrgarten" atá sa Ghearmáinis.

    ReplyDelete
  13. "á chruthú i nGaeilge in idirlín?"

    "á gcruthú i nGaeilge an idirlín"

    ReplyDelete
  14. Níor tháinig mé ar an 'fainne fí' sin roimhe, ach amháin i mblag Aonghuis.

    Níl a fhios agam an bhfuil aon leagan eile ann, seachas 'ciorcal lochtach' mar atá luaite agat féin thuas, a Dennis.

    Cuirfidh mé ceist ar an Dómhnallach, agus má chloisim a dhath faoi, roinnfidh mé leat é.

    Maidir le 'nuafhocail', is duine mór na nuathéarmaíochta mé féin, bíodh Coiste ag aontú lenár iarrachtaí, nó ná bíodh.

    Mar is eol daoibh, ní itear 'grán rósta' sa teach seo, ach itear 'pléasc córn'...;-)

    ReplyDelete
  15. Cén laidin atá ar "cathair ghríobháin"?

    Labyrinthus (“labyrinthe” en français).

    Dála an scéil, tagann “amaze, amazement” ó “maze” i mBéarla.

    Bhain mé úsáid as téarma eile anois díreach sa chéad bhlagmhír eile atá ar aon dul le “cathair ghríobháin”, mar atá “aghaidh fidil”. Cad as don dara focal?

    ReplyDelete
  16. "Chun a bheith cothromach faoi, céard faoi Páirtí an Locht Oibre?"

    Síorthinneas Clainne Gael?

    ReplyDelete
  17. Chuaigh mé sa tóir ar Risteárd, agus labhair mé leis díreach anois.

    Ní cuimhin leis cá bhfuair sé an nath; ná cén atá i gceist. Síleann sé go mb'fhéidir go bhfuair sé in Inniu é.

    Pé scéal é, tá a fhiosracht seisean múscailte anois: gheall sé aon bhreis eolais a fhaigheann sé a chuir ar aghaidh chugam.

    ReplyDelete
  18. Ghlaoigh Risteárd orm arís.

    Tá sé beagnach cinnte gurbh as colún darbh ainm "Focal Fun" in INNIU a fuair sé an nath.

    Ní cuimhin leis an colúnaí; ach bhíodh an colún ag plé le téarmaí an lae sna 1980í (bhí go leor fáinní fí ann an am sin freisin!)

    Chomh maith leis sin, dúirt sé go bhfuil an focal leis an gciall evil ag Dinneen (agus an nod early ag dul leis)

    ReplyDelete