08 Deireadh Fómhair 2010

an corp i nGaeilge


1. Nuair a léann tú an focal “lámh”, an smaoiníonn tú ar (a):


Nó ar (b):



Nuair a léann tú an focal “géaga”, an smaoiníonn tú ar (c):


Nó ar (d):



Ag breathnú ar an bpictiúr seo thíos:

cad é an focal is túisce a thagann i do cheann?

(e) lámh

(f) rí

(g) sciathán

Ba bhreá liom bhur bhfreagraí a chloisteáil.

12 comments:

  1. b)
    c agus d
    g

    (ní ritheadh rí liom chor ar bith: duine le coróin amháin atá faoin bhfocal sin agam)

    ReplyDelete
  2. (f) Rí na láimhe (chun bheith soiléir)

    ReplyDelete
  3. b

    Mise freisin. Deir an foclóir go gciallaíonn “lámh” “arm and hand”, ach ní smaoiním féin, de ghnáth, ar aon rud ach an chuid di a shíneann ó chaol na láimhe anuas, pictiúr (b).

    g

    Go díreach. Is cosúl go bhfuil teangacha ann nach bhfuil iontu ach focal amháin a chiallaíonn “hand” agus “arm”. Dúirt cainteoir dúchais Eabhraise gurb ionann “yad יד” agus “arm” chomh maith le “hand” sa teanga sin. Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil Gaeilge an lae inniu mar sin. Nuair a dhéantar cuardach Google le “instealladh” agus “lámh”, ní fhaightear dada. Ach le “instealladh” agus “sciathán”, tá “instealladh amháin sa sciathán uachtair” agus samplaí eile mar sin ann.

    ReplyDelete
  4. Ní raibh sé ar intinn agam beag is fiú a dhéanamh de “rí” agus mé ag caint ar “sciathán” thuas. Is maith agus is beacht an focal é agus is maith ann é.

    ReplyDelete
  5. 1) b.
    2) Smaoiním ar c agus d, den chuid is mó (limbs).
    3) g.

    ReplyDelete
  6. 1. b
    2. c + d
    agus
    (e)

    Dála an scéil,i gcanúint na Suáibe is é is "Fuß" ann ná an ghéag go léir óna ladhracha suas go dtí an cromán.

    ReplyDelete
  7. Sin fadhb a bhí riamh agam leis an nGaeilge. Ar ndóigh go hiondúil is féidir teacht ar a bhfuil i gceist ón gcomhthéacs ach ar uaire, ní féidir. Sé is nós dom féin ná an chuid den ghéag a lua, más féidir sin a dhéanamh. Mar shampla bheadh ‘troigh’ agam in áit ‘cos’ agus ar an gcaoi chéanna ‘lorga’, ‘leis’ agus ‘rúitín’ etc, etc.. Níl sin sásúil agus is minic m’eagarthóirí i ngleic liom ar an ábhar sin. ‘Gaeilge Chrua’ a deir siad.

    ReplyDelete
  8. ‘Gaeilge Chrua’ a deir siad.

    Suimiúil, cé nach bhfuil mé ar aon intinn leo maidir le deacracht na bhfocal sin. Ar an láimh eile, táim breá sásta “cos” a úsáid le ceachtar den dá chiall atá aici, leg agus foot... murab ionann agus “lámh”.

    ReplyDelete
  9. b

    c

    Nílim cinnte den cheann eile.

    ReplyDelete
  10. Go raibh maith agaibh uilig as bhur bhfreagraí!

    Caithfidh mé rá go bhfuil claonadh agam, in éindí le Liz, le “géaga” a cheangailt le “cosa” níos mó ná le “sciatháin”. Níl a fhios agam cén fáth.

    ReplyDelete
  11. "Géaga" a thugtar ar na "cosa" i gCorca Dhuibhne ar aon chaoi.

    ReplyDelete