21 Deireadh Fómhair 2010

borradh faoi Oíche Shamhna



De réir alt ar an Wall Street Journal inné, tá siopadóirí is miondíoltóirí i Meiriceá ag tabhairt “an dara Nollaig” mar leasainm ar Oíche Shamhna na laethanta seo. Ceannaíonn níos mó againn maisiúcháin le haghaidh na féile seo (68% againn) ná le haghaidh na Nollag + Hanukkah + Kwanzaa (66%) ná le haghaidh na Cásca (34%).

Bhí mé sásta gur luaigh an t-alt bunús Gaelach na féile. Bhí an fuaimniú ceart den ainmfhocal Gaeilge ann freisin, cé nach dtuigtear -- mar is iondúil -- nach ionann Samhain agus Oíche Shamhna.

The holiday has roots in the Celtic holiday of Samhain (pronounced SOW-win), a night when the veil between the natural and supernatural worlds was thought to be most transparent.

6 comments:

  1. An bhfuil nasc ann idir "Dia de los Muertes" agus Samhain, seachas Lá na nAnam Uile a bheith á cheiliúradh ag an Eaglais CR ar 2ú Samhain?

    ReplyDelete
  2. Iriseoir cumasach... an rud is annamh is iontach!

    Chonaic mé siopa ag am lón inniu trasna an bhóthair ó Choláiste na Tríonóide (Níor thug mé faoi deara é cheana) agus bhí sé plódaithe le daoine ag ceannach maisiúchán agus éadaí Oíche Shamhna.

    Táim féin ag dul mar Michael Myers :)

    ReplyDelete
  3. Ní chreidim é sin (na figiúirí). Cé go bhfuil go leor leor maisiúchán le fáil sna hollmhargaí anseo ní fheicim crochta in aon áit eile iad. Fair play daoibh thall i Meiriceá agus do bhur 'spiorad' Samhnach.

    ReplyDelete
  4. @ Dubhaltach: bheadh Kevin Myers níos scanrúla :)

    ReplyDelete
  5. Is cosúil nach bfhuil aon nasc díreach ann idir Oíche Shamhna agus El Día de los Muertos (nó Los Días de los Muertos, mar a thugtar ar an dá lá, 1 & 2 Samhain, uaireanta)... murach nasc Jungian é; is é sin, murach cuid den “neamh-chomhfhios comhchoiteann” atá ann... más ann dá leithéid.

    ReplyDelete
  6. Ní bhíonn againne de ghnáth ach an t-aon phuimcín amháin. Ach de réir an ailt thuasluaite caitheann gach duine fásta againn (ar meán, i Meiriceá) $18 ar mhaisiúcháin. Ach chaith muid i bhfad níos mó ná sin bliain amháin.

    ReplyDelete