23 Iúil 2010

leadán úcaire



Cúpla lá ó shin dúirt John an méid seo: “Tá na feochadáin sa tríú pictiúr cosúil le crainn mhóra ó phlainéad eile.” Chuir sé sin ag smaoineamh mé. An feochadáin iad seo dáiríre? Teasel an t-ainm a bhí agam orthu, ach ní raibh mé cinnte faoi sin, agus ní raibh aon Ghaeilge agam orthu. Cheadaigh mé focail.ie agus d'fhoghlaim mé ainm nua: leadán úcaire.

Tá go maith, ach cén fáth “úcaire”? Is ar éigin atá a fhios againn anois céard is úcaire ann. Fuller? Tuillleadh taighde le déanamh.


Is cosúil gur barr margaidh (cash crop) a bhí sa phlanda seo go dtí le déanaí. Baineadh úsáid as na cinn le bruth a chur ar éadach olla. Tá cur síos maith ar an obair sin ar fáil anseo ón Trowbridge Museum.


Tá úcairí ag obair le “hanlaí leadán” sa léaráid seo ó Yorkshire. Is preemer (focal nach bhfuil againn i nGaeilge, de réir dealraimh) é an lead óg sa tulra.

3 comments:

  1. Suimiúil.

    Maidir leis an bhfocal sin 'tulra', agus an focal 'cúlra', mar shampla, cén bunús atá leis an '-ra' sin, meas tú, a Dennis?

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom gurb é seo an “-ra” céanna atá le feiceáil in “macra, líonra”, etc. Is ionann Xra agus cnuasach de X. Cnuasach de na rudaí atá i gcúl an phictiúir an bhrí atá le “cúlra” ó cheart, mar shampla.

    ReplyDelete
  3. Go raibh maith agat, a chara. Sin mar a shíl mé, agus bhí a fhios agam go mbeadh freagra agat féin dom...:-)

    ReplyDelete