02 Iúil 2010

“Fire and Ice”



Spreag Myles an Nissan Micra mé le hiarracht a thabhairt ar Ghaeilge a chur ar an dán Fire and Ice le Robert Frost.

Faoi dheoidh an mbeidh an domhan ag dó?
Nó fillt' i reo?
De réir mo thaithí féin ar dhrúis,
Is léir go ndéanfadh dóiteán cúis.
Dá mbeadh air bás a fháil faoi dhó,
Is leor a bhfaca mé de ghráin
le rá gur scriostóir maith an reo
mar mhaor an dáin
a dhéanfas gnó.

8 comments:

  1. Tá na haicinn slán agat i línte 1, 2, 4, 5, 6, 8 agus 9. Deinim amach gur mar seo atá i línte 3 agus 7:
    da-DUM-da-da-DUM-da-da-DUM

    Is dócha gur 'cinniúint' is brí le 'dán' i líne 8, ach i gcomhthéacs na filíochta níor rith an chiall sin liom ar an toirt. B'fhéidir go bhfuil m'intinn mall ar maidin.

    ReplyDelete
  2. Ah, raight. Is Muimhneach thú, ó thaobh an fhuaimnithe de ar aon nós. Tá an bhéim ar an gcéad shiolla in “taithí” agus in “scriostóir” i mo chuid Gaeilge. Níor rith sé liom go mbeadh deacracht leis seo ag daoine eile.

    Tá mé ar aon intinn leat maidir leis an líne “mar mhaor an dáin”. Níl mé sásta leis ar chor ar bith. Tá Béarla Frost an-simplí, an-díreach. Tá "maor an dáin” i bhfad ró-fhileata. Caithfidh mé réiteach eile a fháil.

    ReplyDelete
  3. Réiteach eile:

    ...
    le rá gur scriostóir maith é reo
    an chraicinn bháin,
    is déanfaidh gnó.

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Go han-deas ar fad!

    Thaitneodh "maor an dáin" liomsa ach tuigim nach mbeadh sé ag teacht le réim chainte an fhile.

    Feicimid gur fearrde tuiscint do ghnéithe bhunleagan an dáin próiseas an aistriúcháin!

    ReplyDelete
  6. Is maith liom é, a Dennis.

    Thaitin 'mar mhaor an dáin' liomsa freisin, ach sin mise, file gan smacht!

    ReplyDelete
  7. Is ea, réiteodh blas Connachtach nó Ultach an fhadhb i líne 7, ach ní leagtar béim ar iarmhíreanna treise. Seo mar a bheadh líne 3 sa chás san:
    da-DUM-da-DUM-da-da-da-DUM

    ReplyDelete
  8. Is fíor duit. Ní mór dom “féin” a chur in ionad “-se” mar sin. Déanfaidh mé thuas é. Beidh sé sin níos fearr freisin toisc go mbeidh amas (nó assonance) ag “féin” le “réir” agus “léir”. GRMA!

    ReplyDelete