![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEjfhoBDav7jo30yk__kr0vqFsyFjgTyS5Y1gWEY0PPu2G5yB3H0LfUoJ7q73VasTa1Cjt27JRkz47tvYJyOWvNY3uz4nbM1T2Yw7U1ATo6dMCUfnoI7SqmebyMoAhICR1xz94lufsrh1BE/s400/OR-00123-C.jpg)
Seanchárta poist é seo. Tá Rooster Rock ann fós, ar ndóigh. Is cuid de Rooster Rock State Park anois é. Deir an t-alt seo ag Wikipedia faoi Rooster Rock gur “iwash” a tugadh air sa Chinook Jargon, ach níl mé cinnte faoi sin. “Wootlat” a chuala mé riamh. Seo an méid a deir Gill:
Ach tá an ceart ag Wikipedia gur babhdlaráil (bowdlerization) atá san ainm Rooster Rock. “Cock Rock” a bhíodh air.
Hí hí !!! Ceann maith!!
ReplyDeleteAgus, rud nárbh eol dom, oibríonn sé i nGaeilge:
ReplyDeletefallas mothaitheach
(seachas fallás)
Á! Bod an Mhanaigh.
ReplyDelete( Scannán Bhab Cuinn )
Fearn
Níl a fhios agam cá bhfuil Budawanny, ach tá Budadoon ann. Dhá cheann acu, déanta na fírinne: ceann amháin in Albain, agus ceann eile i nDún na nGall, más fíor do logainm.ie.
ReplyDeleteScannán seachas áit atá i gceist
ReplyDeletehttp://www.conamara.org/buda.htm
Tá sé ina áit ceart go leor,bhuel, is carraig é amhail an ghrianghraf; ach cá háit? Oileán Cliara, sílim.
ReplyDeleteFearn