22 Iúil 2010

seanfhocal Gàidhlig



“Taigh gun chù gun chat gun leanabh beag, taigh gun ghean gun ghàire.”

Is breá le Michael dul i bhfolach faoi na rugaí. Níor chuidigh mé leis anseo ar chor ar bith.

6 comments:

  1. An bhfuil "agus" nó "nó" i geist idir na nithe?

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an seanfhocal sin, agus is dóigh liom go maith le cait dul i bhfolach faoi rudaí, a Dennis - bíonn Sióg ag dul faoi na braillíní orm de shíor!

    Tá cuma na diabhlaíochta ar Mhichael...:-)

    ReplyDelete
  3. @ Aonghus - “nó” a thuig mé riamh. Rinne mé cuardach Google anois díreach. Tá cúpla aistriúchán den seanfhocal ann agus tá “or” iontu uilig. Níl a fhios agam anois an cuid den ghramadach é seo, nó cuid den chomhthéacs. Caithfhidh mé samplaí eile a fháil, abairtí eile a bhfuil “gan X gan Y” iontu, leis an gceist seo a réiteach.

    ReplyDelete
  4. "Nó" is ciallmhaire. Ar iliomad cúiseanna ní gean ná gáire a spreagadh cat ná madraí sa teach s'againne.

    ReplyDelete
  5. Tá cuma na diabhlaíochta ar Mhichael...:-)

    Is deacair domsa a rá céard a bhí ar a intinn gan a chluasa a fheiceáil. Briseann a mheon trí chluasa an chait!
    ;-)

    ReplyDelete
  6. téann Mise i mo chuid málaí!

    ReplyDelete