03 Iúil 2010

nod, nod eile...



Quiz beag dóibh siúd a bhfuil suim acu sna rudaí seo: cén focal atá i bhfolach faoi na noda seo uilig? Tá an focal seo le fáil i leabhar úrnaí lámhscríofa ón ochtú haois déag. Nuair a scaoiltear na noda - ta dá - tá litriú caighdeánach an lae inniu ar an bhfocal.

7 comments:

  1. Nílim eolach. Fágfad faoi lucht noda seo!

    ReplyDelete
  2. Tá chuile rud atá ag teastáil leis na noda seo a scaoileadh le fáil anseo.

    ReplyDelete
  3. Ag breathnú air díreach anois feicim trócaire ach glacaim leis nach bhfuilim eolach ach an oiread agus beidh orm breathnú air tuilleadh :)

    ReplyDelete
  4. Actually, “thrócaire”, toisc go bhfuil ponc os cionn an ‘t’.

    ReplyDelete
  5. Creidim thú, a Dennis, ach cheap mé go mbeadh 'cro' nó 'cor' ann, toisc go bhfuil an 'o' os cionn an 'c'. Níl sé os cionn litir 't'. An bhfuil sin coitianta?
    Agus ní thuigim an líne crochta os cionn an 'c' fós. An bhfuil míniú ann?

    ReplyDelete
  6. Is fíor duit. Ba cheart don ghuta ‘o’ a bheith crochta os cionn an ‘t’ le ‘tor’ nó ‘tro’ a chuir in iúl. Is cosúil go raibh an scríobhaí, Seághan Úa hÚmhair, beagán neamhairdiúil sa chás seo. Tar éis dó an ponc a chur os cionn an ‘t’, bhraith sé nach raibh spás ann don ‘o’, mar sin chuir sé mar a bhfuil sé. Níl sa líne os cionn an ‘o’ ach an síneadh fada.

    ReplyDelete