![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgENxa4UWo5qgZkZGC0KH4I55VAEYHlEvOWtSaJ0d0_l7e87cyqq0I8bjTY_GzlwzlJ2VZATcIXaqThHz8lWI2d9IVidotQE9m1XKoRfT1va_WzbDOM4umAwQxIKrqbyxtOG-Ej82ZE2KY/s400/LEDmenorah.jpg)
Bhíodh coinnleoir craobhach, meanóra, ar lasadh de shíor sa Teampall in Iarúsailéim nuair ab ann dó. De réir an scéil sa Talmud, nuair a fuair na Maccabees an Teampall ar ais ó arm Antiochus IV, ní raibh ach pota amháin ola coisricthe le fáil. Ba leor an méid sin le lampaí an mheanóra a choinneáil ag dul ar feadh lá amháin, sin an méid. Ach, ionadh na n-ionadh, mhair na lampaí ar lasadh ar feadh ocht lá. Is dá bhrí sin atá ocht solas, móide ceann breise ar a dtugtar an shamash, an seirbhíseach, sa mheanóra a úsáidtear le Chanukah a cheiliúradh. Tá Giúdaigh ann inniu a mhaíonn, idir shúgradh is dáiríre, gur sampla luath de chaomhnú fuinnimh a bhí sa “mhíorúilt” seo. Níl meanóra níos fearr ann leis an smaoineamh seo a thaispeáint ná an ceann beag álainn seo atá déanta as lampaí LED.
Tosaíonn Chanukah Dé hAoine seo chugainn le luí na gréine.
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEiVL9dso0M0t4836fslbf64pDKHGAeLkx5iV-2fmRLYyYL_3brST8I7ytDSo-Fgf7YwiNANdPyFN7EGaJvl9N5AhA9AObiGcZJB9YzJgsp6Llt9Ya558F37qc-8ubdgve1eDz31G8VWU6I/s400/simcha.jpg)
No comments:
Post a Comment