03 Nollaig 2009

“athrach”



Seo dhá cheann de na samplaí faoi “athrach” in FGB:
  • Tá athrach ar an aimsir.
  • Tá athrach saoil ann.
Téann an grianghraf thuas (kudos don duine a rinne an photoshopáil) thar fóir, ar ndóigh. Ach tá oighearshruthanna ar fud an domhain ag cúlú ó bhliain go bliain. Tosaíonn aibhneacha móra na hÁise go léir sna Himiléithe. Soláthraíonn na hoighearshruthanna seo an t-usice atá ag teastáil ón tSín, ón India, ó Bhangladesh, ó Vietnam, etc. le cruithneacht agus rís a thógáil. Má théann na hoighearshruthanna seo i ndísc, ní bheith siad in ann na barra seo a uisciú mar a dhéantar anois. Agus ansin?




3 comments:

  1. Ceann de mórán ceisteanna ar mithid aghaidh a thabhairt orthu. Ní raibh mórán difear idir na fuarlaigh abhus agus an t-íomhá thuas, cé gur tógáil mí-fhreagrach agus easpa cothabhála ar uiscebhealaí cuid den cúis anseo. (Tá sé ag gléaradh arís, áfach!)

    ReplyDelete
  2. Bhí mé ag labhairt le fear le déanaí, fear lena mbíodh a athair ag obair leis an gcomhairle contae, fear ag a mbíodh feirm chomh maith, feirm ar a mbíodh cothabháil díge déanta chuile bhliain.

    Ní dóigh leis go bhfuil an chothabháil sin a lua tú, a Aonghuis, á dhéanamh ar chor ar bith anois mar a bhíodh san am a caitheadh, agus nach aon ionadh go bhfuil bailte na tíre seo thíos leis.

    ReplyDelete
  3. Sin é go díreach. Agus ní ar an Rialtas an locht iomlán!

    ReplyDelete