07 Nollaig 2009

“Cérbh é Íosa?”


Scríobh Dubhaltach faoin gclár seo Who Was Jesus?, ar a bhlag inniu, agus dúirt Aonghus “[B]íonn leagan nua den Íosa stairiúil ann gach caoga bliain nó mar sin.”

Nocht an cartún seo sa Los Angeles Free Press sa bhliain 1967. Thaitin sé riamh liom.

Tagairt don chlár teilifíse To Tell the Truth is ea é seo.

3 comments:

  1. An-chliste go deo.
    D'fhéadfaí na ceisteanna a fuair siad mícheart a shamhlú!

    ReplyDelete
  2. Ní gnáth-quiz show a bhí ann. Bhí dhá ghrúpa ann, triúr fear nó ban, gach aon acu ag maíomh gurbh eisean an fíor-X (smoke jumper, nó cibé), agus ceathrar “iomaitheoirí” a chuir ceisteanna ar an triúr, ag iarraidh an fíor-X a aimsiú. Feiceann tú go bhfuair an tÍosa Protastúnach tromlach na vótaí sa chás seo!

    ReplyDelete