02 Nollaig 2009

abstinence



Nuair a bhaintear úsáid as an bhfocal “abstinence” anseo i Meiriceá, séard atá i gceist beagnach i gcónaí ná staonadh ó bhualadh craicinn. Chuaigh mé chuig an bhfoclóir Béarla-Gaeilge anois díreach. Fuair mé:

abstinence, s. (a) Tréanas m. (b) Total abstinence, lánstaonadh m (ón deoch mheisciúil).

Tá go maith. Is sa bhliain 1959 a foilsíodh an foclóir. Chuaigh mé go focal.ie. Fuair mé “tréanas” ansin, agus “Cumann na Réadóirí”. Agus sin a méid.

An bhfuil an ceart ag an T-léine thuas? Nach bhfuil an focal seo ag teastáil ar chor ar bith in Éirinn leis an gciall Mheiriceánach?

:-)

4 comments:

  1. Cludaíonn tréanas na goilí ar fad, dar liom. Mar a chludaíodh "abstinence" tráth dá raibh, sular éirigh daoine collaíocht-lárnaithe!

    Tá focal eile ann - "continence" - a bhaineann níos dlúithe le collaíocht, ach níl leagan de sin agam ná ag focal.

    Is túisce a tharraingeoin an focal geanamnaíocht chugham sa chás áirithe seo.

    Caithfidh mé súil ar an gCaitciosma anocht. Is cinnte go ndearna an Doibhlíneach idirdhealú cúramach.

    ReplyDelete
  2. Is féidir go ndéanfadh “geanmnaíocht” an gnó, cé nach ionann “chastity” agus "abstinence” go hiomlán.

    geanmnaíocht - staid
    staonadh ó chaidreamh collaí - gníomh

    Sin mar a thuigimse é, ar aon nós.

    ReplyDelete
  3. Mar eolas daoibh, a chairde, i Sanasán Diagachta Uí Dhoibhlin (Coiscéim 2001): 'abstinence' tréanas, staonadh, abstanáid; 'continence' staonadh collaí; 'periodic continence' staonadh féiltiúil! (Shílfinn féin gur le linn féilte is lú a dhéanfaí staonadh - de shaghas ar bith - ach sin scéal eile. Braithim gurb é nádúr na Gaeilge bunfhocal a úsáid (m.sh. staonadh) agus é a cháiliú mar a theastaíonn (staonadh ó dheoch, staonadh ó chollaíocht etc.)

    ReplyDelete
  4. Tá an sanasán céanna le CEC, nó cuid de pé scéal é.

    Rud eile - níl an coimhlint idir na feachtais staonadh collaí agus feachtais oideachas collaí chomh géar ná chomh polaitiúil abhus - rud a fhágann brí níos leithne fós ag abstinence sa Bhéarla.

    ReplyDelete