07 Deireadh Fómhair 2009

Tá slaghdán orm. (cuid a haon)



Tá slaghdán orm le cúig lá anuas,
slaghdán clasaiceach lánseirbhíse.
Tá an cúrsa canónta á rith aige
ó phiachán sa scornach
go tinneas cinn idir na súile,
srón mar sconna,
sraothartach sheismeach,
casachtach réamach;
agus lánstaonadh
ó bharróga,
gan dabht.

8 comments:

  1. Tagtar as. M'fhocal duit air sin. Ach níl sé deas a bheith ann.

    ReplyDelete
  2. Go mbíodh biseach ort gan mhoill.

    ReplyDelete
  3. @Calliomachas Níl, muis. Mise fós crite ag corr racht


    Go raibh biseach ort.

    ReplyDelete
  4. An bhfuil comhairle dochtúra de dhíth ort, a Dennis?
    Téigh a chodladh go luath gach lá. Ól go leor leor d'uisce is de shú oráistí.
    Costas na comhairle sin má fhaightear ag an otharlann? $150 nó mar sin (tuairim is $20 domsa féin agus $130 don otharlann, an gcreidfeá é?)
    Ach anseo, thug mé duit é saor in aisce.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as na dea-ghuíonna, agus an gcomhairle saor in aisce, a Dhochtúir. ;-) Rinne mé smoothie sa chumascóir le fraocháin, oráiste, açai (laíon reoite), agus iógart inniu agus inné. Agus tá mé ag ól a lán tae luibhe chomh maith leis an tae iondúil. Leachtanna te abú!

    ReplyDelete
  6. Biseach luath ort, Dennis, ach tá súil agam nach mbeidh an biseach chomh luath sin go dtabharfadh sé leithscéal dhuit gan cuid 2 a scríobh...

    ReplyDelete
  7. Féirplé duit, a CD. Is ar shanasaíocht an fhocail “slaghdán” a bheas an dara cuid.

    ReplyDelete