21 Deireadh Fómhair 2009

Fionn fial agus an fómhar



chuiris di in chaill,
dámad airget in gheal-tonn
ro thidhluicfed Find.

Dá mba ór an duille donn
a chuir di an choill,
dá mba airgead an ghealtonn
do thiolaicfeadh Fionn.

Ní donn atá an duilliúr anseo faoi láthair, ach rua, buí, dearg, corcra, agus flannbhuí! Tá an teocht cheart ann le tamall anuas agus tá xantaifil, caraitéin, agus antóiciainin le feiceáil ar fud na háite anois in áit ghlas na clóraifile atá ag síothlú agus ag dul as.

5 comments:

  1. Tá na duilleoga abhus ag athrú go mall freisin. Bíonn dath álainn ar Ghleann dá Ghrua san Fómhair, ach níl sin ach ina thús.

    ReplyDelete
  2. Is mór liom an t-am seo den bhliain. Feictear dom, agus mé ag siúl tríd an gcoill na laethanta seo, go bhfuil cosán órga romham chuile mhaidin. Go hálainn!

    ReplyDelete
  3. Agus is breá liom an pictiúr d'Fhionn Mac Cumhaill a bheith á scaipeadh - an duilliúr álainn órga. Ach smaoineamh aisteach gránna agam le fada faoin rann seo: dá mba ór an duille donn nach dtitfeadh luach an óir.

    ReplyDelete
  4. Dearg-sóisialach a bhí i bhFionn, dar le mac Fhinn ar aon chaoi!

    ReplyDelete
  5. Ní hea, ach maoinlathach.

    Lean Marx teagasc Phól - an té nach saothraíonn, ná íosfadh sé!

    ReplyDelete