09 Deireadh Fómhair 2009

cruinne



Dúirt mé le Dubhaltach go gcuirfinn an sliocht seo faoi chruinne na cruinne ar fáil anseo. Is cuid de théacs Sean-Ghaeilge, In Tenga Bithnua. Whitley Stokes a rinne an t-eagrán seo, in Ériu, vol. II, Part II, sa bhliain 1905. Phléigh John Carey é in A Single Ray of the Sun: Religious Speculation in Early Ireland (1999), leabhar beag a bhfuil ard-mheas agam air.

Bhain an t-údar feidhm as dhá fhocal a bhfuil an chiall chéanna leo, “cruinne” agus “torachta”. Níl an dara ceann againn níos mó. Rinne mé mo dhícheall le “cruinne” agus “ciorclach” san aistriúchán.

Is i cruinne dorraladh cach duil cid iar ndelbuib domuin. Ar is i torachta chruinne doralta na nime, 7 is i torachta doronta na .uii. muire immacuairt, 7 is i torachta doronta in talmain. Ocus is i toracta cruinne doimchellat na renda roth cruinn in domuin, 7 iss i cruinde dhelbha atchiter na hanmand iar n-escumluth a corpaib, 7 iss i cruinde atchither cuairt in richidh uasail, 7 iss i cruinne atciter cuairt gréne & esca. Is deithbeir uile sein, ar is toruchta cen tosach cen forcend in Coimde ro bhithbhai 7 bhithbias 7 dorighne na huili-sin.

Is i gcruinne a cumadh gach dúil de réir chruthanna an domhain. Óir is i gcruinne chiorclach a cuireadh na spéartha, agus is i gcruinne a rinneadh na seacht muir máguaird, agus is i gcruinne a rinneadh an talamh. Agus is i gcruinne chiorclach a thimpeallaíonn na réaltaí roth cruinn an domhain, agus is i gcruth cruinn a fheictear na hanamacha tar éis dóibh a gcoirp a fhágáil, agus is i gcruinne a fheictear cuairt na neimhe uaisle, agus is i gcruinne a fheictear cuairt na gréine agus na gealaí. Is cóir sin uile, óir is ciorcal gan tosach gan foirceann é an Tiarna a bhí ann i gcónaí agus a bheas ann i gcónaí agus a rinne na nithe sin go léir.

5 comments:

  1. Go deas ar fad.

    An ionann "atchiter" agus "ath-chítear" na Mumhan sa lá inniu?

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an sliocht sin! Leabhar eile ag dul ar mo liosta...

    Go raibh maith agat, a Dennis.

    ReplyDelete
  3. Má chiallaíonn ath- “arís” san fhocal sin, ní hionann, biodh is go bhfuil an fhréamh (nó an phréamh) chéanna ann. Is cuid den bhriathar féin é an réimír ad· i Sean-Ghaeilge:

    ad·cí = feiceann sé/sí
    ad·cíther = feictear é/í
    ad·cíter = feictear iad

    Tá an ad· seo -- bhuel, cuid de ar aon nós -- le feiceáil fós in “feiceann agus in “fhaca”.

    ReplyDelete
  4. GRMA as an míniúchán.

    Dála an scéil, tá an leabhar Sengoidelc le David Stifter le cúpla mí anuas agam agus tá roinnt de léite agam... ach is mó líon mo leabhar ná an t-am atá agam le hiad a léamh.

    Ach is lú fós am na leabhar nuair a bhím greamaithe den idirlíon. :)

    ReplyDelete