![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgPLDY42t_CYb1epSA07Ig6zRcXdtrMlQTsGsdliiqqLk8Isnm-PeZAhqf3Ty09vnShcZZbzPx5ZA8GjrCU4y18GdoyfTHtheQjXZgtt264cLYYUXUdGUIcIkOLpa_9jug3tSO1bbVeCqU/s400/IMG_3573_2.jpg)
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgjdPMcSxwI9VsYNAEwKUMy90BFM1rEDYbd3sZEL_VZdIUpwHx5XhKBP4vC-b0DK3jwuHqchtSkN-D-_0hysH1gbNkVVOkiQRWx5QiTqsFVqm6sJ0L5Cs_l1281A81RLx95Idyq0ITXzuM/s400/ferr.jpg)
Is léir ó stair na bhfocal seo, “amhras” agus “contúirt”, gur shíl na daoine a tháinig romhainn go raibh sé dainséarach a bheith neamhcinnte, go háirithe i gcúrsaí creidimh.
Nua-Ghaeilge: amhras = dabht, easpa cinnteachta
Sean-Ghaeilge: amaires = neamhchreideamh, easpa creidimh
- am- = réimír diúltach
- ires (iris) = reiligiún, creideamh, True Faith
Sean-Ghaeilge: cuntabart = dabht, neamhchinnteacht, mearbhall
Bhí an nath trífhoclach seo acu:
Ferr astud amairis.
Tá cinnteacht níos fearr ná dabht.
Chiallaigh “astud” fixing, establishing ag an am sin. Tá sé againn fós, sa riocht “fostú”. Dá ndéantaí an nath seo a aistriú go Gaeilge an lae inniu beag beann ar an athrú céille, chuirfeadh sé smaoineamh nua-aimseartha in iúl, mar atá “tá fostú níos fearr ná amhras”!
Ach is fearr liom an seanfhocal seo droim ar ais:
Ferr amaires astud.
Tá amhras níos fearr ná deimhneacht.
Tá amhras orm faoi sin!
ReplyDeleteGo leor dabht againn sa tír seo na laethanta seo, a Dennis, agus tá amhras orm go mbeidh mearbhall orm ag éisteacht leis an neamhchinnteacht agus easpa deimhneachta atá ag teacht ón rialtas maidir le costais na bpolaiteoirí...:-)
ReplyDeleteGo han-deas an méid san - agus é ag teangmháil le doimhne na fealsúnachta.
ReplyDeleteIs é an creideamh múinteoir na cinnteachta, an taithí múinteoir an amhrais.(?)
Is breá liom an ogham sa ghrianghraf. An-ealaíonta, na línte lár ach go háirithe.
ReplyDelete