18 Eanáir 2011

Tá an t-impire gan éadach...


... ach is cuma sa sioc le Fianna Fáil é sin. An féidir libh é sin a mhíniú dom? I níos lú ná fiche focal? Mar haiku??

Impire nó alpaire,
clampaire nó liopaire,
prompaire nó ropaire,
trumpaire nó úspaire?

9 comments:

  1. Níl aon "nó" i gceist. Tá na cáilíochtaí ar fad acu mar dhrong. Tá siad chomh cleachtaithe ar chumhacht go bhfuilid dallta acu féin.

    ReplyDelete
  2. Níl aon idé-eolaíocht nó fealsúnacht eile i gceist mar sin?

    ReplyDelete
  3. ár mbád go tóin poill
    ach a cheannaire, fan linn
    CAPTAEN TITANIC!!!!

    ReplyDelete
  4. Tá muineál mar mhagairlí mharcaigh air !

    ReplyDelete
  5. 5 shiolla
    7 siolla
    5 shiolla

    Sea, sin haiku!

    An rud nach dtuigim, áfach, ná an méid sin dílseachta i gcúrsaí polaitíochta. An é an chaoi nach bhfuil an dara suí sa bhuaile acu??

    ReplyDelete
  6. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  7. Ní thuigimse é ach an oiread.

    Is amhlaidh gur chuir sé é féin i láthair go trodach sna laethanta beaga agus gur éirigh leis aithris a dhéanamh ar dhuine a mbeadh féin-mhuinín aige. Chuaigh an méid sin i gcion ar a leantóirí, de réir na dtuairiscí.

    Tá an lug tite ar an lag ar fad ar an bpáirtí agus is cosúil gur sólásaí an bréagneart agus an aisteoireacht ná aon rud eile faoi láthair.

    Go bhfóire Dia ar Éirinn bocht!!

    ReplyDelete
  8. Éire bhocht, chomh fada sin ó Dhia agus chomh gar sin do ___ ??

    Mo leiscéal le Porfirio Díaz nach maireann a dúirt “Pobre México, tan lejos de Dios, tan cerca de los Estados Unidos.”

    ReplyDelete
  9. ...don séimhiú a d'fhág mé ar lár? ;-)

    ...don oileán úd atá suite idir mórthír na hÉireann agus mórroinn na hEorpa.

    Ach ar Éirinn ní neosfad cén oileán.

    I ndáiríre, déarfainn go bhfuil an mhórchuid bréan den íde béil agus den bhatráíl fhocalach.

    ReplyDelete