29 Eanáir 2011

Triúr Manach in Araibis


Manaigh Choptacha san eaglais nua ag Abu Fana

leagan Araibise den scéilín Sean-Ghaeilge ar an suíomh anois. Is tráthúil an t-aistriúchán seo leis an méid atá ag titim amach san Éigipt agus i dtíortha eile an Domhain Arabaigh. Maidir leis na manaigh seo, dódh a n-eaglais nua sa bhliain 2008, agus tá an pobal Coptach faoi bhrú leanúnach san Éigipt. Ní mór don Éigipt nua a cuid mionlach uilig, idir Choptaigh agus aindiachaithe, a chosaint ó ghéarleanúint.

3 comments:

  1. Agus gurab amhlaidh a bheidh. Chuala mé scéal nó dhó dóchasach - rinne Moslamaigh cosaint ar searmanas Coptach ar a Nollag siúd (6/1). Chuala mé gur fheidhmigh Críostaithe mar sciath daonna agus Moslamaigh ag guí inné le linn an éirí amach.

    ReplyDelete
  2. Tá súil agam go bhfuil an ceart agat, a Aonghuis.

    ReplyDelete