![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgHjJDyOBLMLtIJVa540tPetHsLOR4SHF3kIvXVChEsnF8zMurQfYjJKeGXnJc5RuzCUz8dVSM0XfROWH1qphLgRNgPWbsXzGbP0Twp0IthSrBSp5_QrUxVtBrB2Z_M-Pi4M-jOmGOXoEY/s400/grader.jpg)
Rop réid rémunn cech n-aimréid!
Go raibh réidh romhainn gach aimhréidh!
Tá mé díreach tar éis an bheannacht seo, ó “Hymnus S. Colmani Mic Ui Cluasaigh,” a chur leis an gcnuasach Sengoídelc. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil mé i bhfách le comhlíonadh na guí seo go huile is go hiomlán. Is minic a bhíonn cosán réidh beagán leadránach.
Agus sleamhain!
ReplyDeleteNach cóir an clár mín a chur ar gach scéal suaite?
ReplyDeleteBíonn coiríní ar an mbóthar réidh, muise!
ReplyDelete@ Ormondo - Nó aoldath?
ReplyDelete;-)
Déarfainn go bhfuil ganntanas aoldatha ann de bharr a ró-úsáide sna blianta beaga.
ReplyDeleteMaidir leis an nath leis an gclár mín, do chuala mé minic go leor ar an raidió é ach ní fhaca mé scríofa síos in áit é, agus níl sé san FGB ach an oiread.
Ach is ann dó d'ainneoin... ?