15 Eanáir 2011

quinoa agus bia ársa na hÉireann


Quinoa: síolta beaga a bhfuil próitéin iomlán iontu .i. na hocht n-aimínaigéad riachtanach. Tógtar quinoa sna hAindéis den chuid is mó, ach tá sé ar fáil in ollmhargaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá anois.


quinoa bán agus quinoa dubh

Chenopodium quinoa an t-ainm déthéarmach oifigiúil atá air. Tá planda eile ann atá gar i ngaol leis, Chenopodium album, planda atá sách coitianta mar “fhiaile” san Eoraip agus ina lán áiteanna eile.

Cuid de na hainmneacha a thugtar nó a thugtaí ar in Éirinn ná biacon-weed, dirtweed, dirty dick, drought-weed, fat hen, frostbite, hen-fat, lamb's-quarters, lamb's-tongue, mails, melgs, myles, milds, muck-weed, mutton-tops, rag jag, wild spinach. “Blonagán bán” atá air i nGaeilge, chomh maith le “Lus coise gé”.

Itear na duilleoga bruite mar spionáiste nó amh i sailéidí. Ach tráth den saol, d'ití na síolta freisin in Éirinn, síolta beaga atá an-chosúil le quinoa. Scríobh Fergus Kelly an méid seo faoi in Early Irish Farming (1998):

Pre-Norman sites in Ireland often contain abundant traces of fat-hen (Chenopodium album). Seeds occur in faecal material, and so must have been of significance in the human diet.

Deir sé freisin nach bhfuil a fhios aige cén t-ainm a bhí air i Sean-Ghaeilge. Is trua sin, ach is dócha go raibh na duilleoga agus na síolta seo ró-umhal le háit a fháil i scéalta na ríthe agus i mbeathaí na naomh.

Chenopodium album

Pé scéal é, fásann blonagán bán abhus anseo freisin. Léigh mé gur mheasc na daoine Zuñi na síolta le min bhuí le domplagáin a dhéanamh, agus gur chuir na daoine geala a tháinig isteach sa tír iad ina gcuid muffins agus biscuits. Tá súil agam go mbeidh mé in ann cúpla dornán acu a chnuasach i mbliana le go mbeidh deis agam iad a bhlaiseadh.

3 comments:

  1. Blagmhír an-spéisiúil.

    An bhfuil sé luaite sa leabhar cé acu ar phlanda saothraithe a bhíodh sa bhlonagán bán nó ar phlanda fiáin é?

    ReplyDelete
  2. Níl. Is cosúil nach bhfuil a fhios acu. Dúirt Cathy Swift (Léann Dúchais, Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh) an méid seo ar an liosta Old-Irish-L inniu:

    They found quite a lot of fat hen in Viking Dublin excavations I believe. It's a weed of disturbed ground so if you turn over the soil you're likely to get it automatically so it becomes a question whether a partial archaeological record is noting weeds or cultivation.

    ReplyDelete
  3. Ba chóir daoibh Viking Dublin botanical evidence from fishamble street /Siobhán Geraghty a léamh

    ReplyDelete