16 Eanáir 2011

I bhfad uainn an drochrud!



Seo ceann de na cláir fhógraí atá le feiceáil le déanaí sa chathair Split sa Chróit. Impíonn sé:

A Bhanríon na gCrótach,
sábháil muid ar dhul isteach san Aontas Eorpach!

Ní féidir liom an cló beag a léamh, ach is cosúil go luaitear bia GM, coir, truailliú, agus fiach i measc na n-olc a thiocfadh le ballraíocht san AE.

4 comments:

  1. Tá súil agam go n-éistíonn sí leo, más ann di

    ReplyDelete
  2. Bhí dhá alt fada ar an New York Times inné, ceann amháin, Can Europe Be Saved (faoin euro), le Paul Krugman agus ceann eile, Europe's Odd Couple le Steven Erlanger faoi Mherkel agus Sarkozy, ach dáiríre faoin nGearmáin mar gheilleagar lárnach na hEorpa. Tá mé sásta gur léigh mé iad.

    ReplyDelete
  3. Táím do díreach tar éis an dá alt a léamh. (GRMA as iad a chur ar ár súile dúinn) Tá anailís mhaith déanta ag Krugman, gan dabht.

    Caithfidh na hÉireannaigh glacadh leis go bhfuil cuid mhaith dá ndeacrachtaí fréamhaithe sa tír féin mar gheall ar chaimiléireacht and neamhinniúlacht na mbanceoirí agus a ngiollaí sa pholaitíocht, gan dearmad a dhéanamh ar na morgáistí thar 100% de luach an tigh srl.

    Ar an taobh eile, ba gheall le saighdiúir beag bocht stát na hÉireann, a mealladh chun na fronta é agus a sacadh lán de sholáistí é chun é a choinneáil i dtús cadhnaíochta. Agus nuair a tháinig an crú ar an tairne bhí sé ar cheann de na "daoine" a íobraíodh ar dtús chun an dream lastiar a chosaint ar dhochar.

    Tá tíortha an AE ro-fhéinspéisíoch, dar liom, le go bhfeidhmeodh airgeadra aonair. D'ainneoin ré an Tíogair Cheiltigh, mar shampla, bhí Éire lán sásta airgead a thógaint as ciste struchtúrach an AE.

    Tá an Ghearmáin anois níos daingne ná riamh sa diallait. Agus ní Gearmáin an Uasail Kohl í a thuiileadh. Mar sin, bígí ar an airdeall!!!

    ReplyDelete
  4. An dá alt sin á bpriontáil agam anois, a Dennis, agus léifear iad - am éigin! GRMA

    ReplyDelete