29 Eanáir 2011

diacht in oighear


Níl a fhios agam an cuimhin libh an focal “acheiropoieton”. Íomhá a dhéantar go nádúrtha, gan bhaint ag aon duine ina chruthú, is ea é.



Seo agaibh acheiropoieton a fuarthas le déanaí i nDearborn Heights, Michigan. Sconna a raibh uisce ag sileadh de a rinne an íomhá seo de Mhuire.



Tá an ceann eile seo le fáil in uaimh sna sléibhte Himalaya. Amarnath an t-ainm atá ar an suíomh ársa oilithreachta seo. Shiva lingam atá ann, dar leis na Hiondúnna. Téann sé i méad agus i laghad leis an séasúr, ach bíonn sé ann i gcónaí. Tagann na mílte duine sa samhradh gach bliain leis an lingam seo a adhradh.

5 comments:

  1. Agus cad é oighear an scéil seo, dar leat?

    ReplyDelete
  2. Go ngobann na nósanna céanna aníos ar fud an domhain. Tá paidríní ag na Búdaithe sa Tibéad freisin. “Níl aon ní nua ann faoi luí na gréine” i gcúrsaí creidimh.

    ReplyDelete
  3. Is dócha gurbh fíor sin. Ach is amhlaidh go raibh an imeartas focail ag iarraidh bheith úsáidte!

    ReplyDelete
  4. An Oighir?
    Chím bean mhoslamach faoin a lántseol éadaigh dhuibh. Anois an buamadóir féinmharfach oighreach í?

    Agus an Bod Síobha?
    Chím Casparm an taibhse cairdiúil


    Fearn

    ReplyDelete