08 Eanáir 2011

dathanna na ngaoth


léaráid as A Social History of Ancient Ireland, vol. II
le Patrick Weston Joyce (1903)

Chreid ár sinsir go raibh dathanna ar na gaotha. Tá cur síos orthu in Saltair na Rann, dán fada i Meán-Ghaeilge ina ríomhtar stair an domhain de réir an Bhíobla - a bheag nó a mhór. Seo dhá rann as an Saltair mar shampla. Tá níos mó ná an méid seo ann faoi na gaotha agus a ndathanna:

In gel, in c[h]orcarda glan,
in glas, ind uaine allmar,
in buidi, in derg, derb dána,
nísgaib ferg fri sodála.

An (ghaoth) gheal, an chorcra ghlan,
an ghlas, an uaine ollmhór,
an bhuí, an dearg, dán dearbh,
ní ghabhann fearg iad ina so-dhálaí.*

*Ní thagann fearg orthu nuair a bhuaileann siad go séimh le chéile.

In dub, ind líath, ind alad,
in temen, in chiar chalad,
ind odar, doirchi datha,
nídat soirchi sogabtha.


An dubh, an liath, an bhreac,
an teimhleach, an chiar chrua,
an odhar, dathanna dorcha,
níl siad sorcha so-ghafa.

Níl na Sean-Ghaeil ina n-aonar maidir leis an gcreideamh seo. Deir na Navajo in Arizona agus New Mexico go bhfuil dathanna ar na gaotha freisin. Seo amhrán a chum Sharon Burch faoi seo:





Diyin dine’é, diyin dine’é,
Niłch’i áyiilaa.
Níyol éí áníí lá, bílátahdi,
Ha’noots’ee’go áyiilaa
Níyol, níyol.

Na daoine naofa, na daoine naofa,
Rinne siad an t-aer.
Deir an ghaoth go ndearna sí na bíseanna
ar cheann lámha na ndaoine.
An ghaoth, an ghaoth.

A’la’ łáa’ii, níyol łizhiní.
A’la’ naakii’, níyol dootł’izhii.
A’la’ ałníí’ii, níyol łitsooí.
A’la’ ya’zhi’, níyol łigaii.

Méar a haon, an ghaoth dhubh.
Méar a dó, an ghaoth ghormghlas.
Méar a trí, an ghaoth bhuí.
Méar a ceathair, an ghaoth gheal.

4 comments:

  1. iontach suimiúil is amhrán álainn

    ReplyDelete
  2. An dtagann na dathanna le chéile?

    i. dorcha ó thuaidh, geall ó dheas?

    ReplyDelete
  3. Ní hionann iad sa dá thraidisiún.

    ReplyDelete
  4. Maie Ni Cholmáin12 Eanáir 2011 ag 05:05

    An ndéanfá leathnú ar san a Dennis, le do thoil?

    ReplyDelete