![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgA3EajDwqGoWlmz8xF4lRMnzCQavlZeElv3mrLw1wANkQnpTz9PDmxMSSmKuTfYx8KAgacX8yUM5zxm6ZADN-1-BPz1O-s5Hp6t47QpUUPNAVxjjoUuxNttqirW1_Fmq2L7StPPIbR5Ps/s400/m%25C3%25A9ar.jpg)
Is cosúil go bhfuil drochaoibh ar an gcomhartha seo ag crosbhealach ar Sráid Maple i Spokane in oirthear Washington (an stát).
Níl na húdaráis cinnte cén fáth a bhfuil an mhéar fhada á taispeáint aige in áit na boise oscailte a deir “Ná siúil.” Is féidir gurb é an sneachta is cúis leis de réir Marlene Feist, úrlabhraí na cathrach.
An cromadh?
ReplyDeleteFearn
Bhfuil ainm eile air fós?
ReplyDeleteJe lui ai fait un doigt a deirtear i bhFraincis. “Thaispeáin mé méar san aer dó.” Agus i nGearmáinis? Leaganacha eile i nGaeilge?
Luaitear le Götz von Berlichingen an Stinkefinger
ReplyDeleteASG!
ReplyDeleteB'fhéidir gur 'siocáil leat' atá i gceist...;-)