![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgWYmQX40oC_X_2mTzsX4r5P3Lim7NJ8U7a9fyRURiVJhm8aVp8YU-vkQ43zRx2f_CVcZ_PI7R-pTZ_ROQ-3ZFZULLL4w8IbyI_jSctYuuF5HVFUloapmxYYAXBe6i5c1NZ7elO8iENJKU/s400/loch.jpg)
loch .i. dub
(LS Laud 610.79r)
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEhnxrZFfktOXKFDXEwA5rEZ-WyAoIhbjaZqQ5heXNnd0ToZr3J36M2S04Ryc42rXw3GJPQaeJ8rh27PDIjmfa9XEnwl8VlcCw6DDxLow9f_JUnQsZRzLtBKwuQqAEktW0jRIh1TffFIzUw/s400/lochr%25C3%25BAna.jpg)
lochruna .i. dúbrúna
(Leabhar Breac, lch. 268)
Focal ársa is ea “loch” leis an gciall “dubh”. Bhí sé as feidhm, den chuid is mó, míle bliain ó shin. Is dá bhrí sin atá sé le fáil in Sanas Cormaic (an foclóir sanasaíochta is sine in aon teanga neamh-chlasaiceach Eorpach). Deir an chéad sliocht thuas gurb ionann “loch” agus “dubh”. Deir an dara sliocht gurb ionann, mar shampla, “loch-rúna” agus “dubh-rúna”.
Tugann an iontráil sa Leabhar Breac an tsolaoid seo freisin:
Asoilgi laith lochrúna.
Osclaíonn leann dubhrúin.
Is léir gur seanfhocal atá ann, cosúil le “In vino veritas” na Laidine. Tá leagan nó dhó de seo i nGaeilge an lae inniu. Ós é seo séasúr an ólacháin chomh maith le séasúr an itheacháin, b'fhéidir gur feiliúnach an nath seo.
Dála an scéil, tá mé díreach tar éis an nath seo a chur leis an mbailiúchán Sengoídelc.
Is maith liom go bhfuil tú ag cur leis arís.
ReplyDeleteAr tháinig an focal ar áit leathan uisce ón gciall dubh nó a mhalairt, ar eol duit?
(Sceitheann fíon firinne an leagan is túisce a ritheann liom, ach tá Seanfhocail Connachta bronnta don Nollaig orm,mar sin beidh fairsinge le mo nathaíocht...)
Ar tháinig an focal ar áit leathan uisce ón gciall dubh nó a mhalairt, ar eol duit?
ReplyDeleteNíl a fhios agam (fós).
Is cosúil nach bhfuil aon nasc idir an dá fhocal seo, loch = dubh agus loch = linn mhór uisce.
ReplyDeleteNuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an fhírinne amuigh, mar sin...;-)
ReplyDeleteSin agat é go díreach glan!
ReplyDelete