Seo pictiúr a thóg mé ar maidin toisc gur thaitin solas na maidne liom. Husky Stadium de chuid Ollscoil Washington atá ar an taobh thall den uisce. Tig leat an íomhá a mhéadú, mar is iondúil.
Carta is cearta!
2 weeks ago
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Tá na pictiúir an-deas, a Dennis.
ReplyDeleteGo raibh maith agat. Tá áthas an domhain orm nach mbeidh Nollaig Bhán againn anseo!!
ReplyDeleteTá ealaín an nádúir go hálainn, gan dabht.:-)
ReplyDeleteAn dóigh leat gur cuid den ealaín chéanna an staid?
ReplyDeletecoigeartú: ... í an staid?
ReplyDeleteNílim cinnte gur cuid den ealaín í an staid.
ReplyDeleteAch táim fiosrach -- nuair a bhí mé i mo mhac léinn i Madison b'fhéidir linn torann lucht féachana na staide a chloisint inár
n-árasán nuair a bhí cluiche ar siúl.
An bhfuil an staid gleomhar mar sin?
Cloisimid gárthach an tslua le linn na gcluichí san fhómhar, agus is léir go bhfuil tráchtaire ag caint ar an gcallaire ach ní féidir liom a chuid focal a thuiscint anseo sa teach ná amuigh ar an deic ach oiread.
ReplyDeleteGo hálainn. Go raibh maith agat.
ReplyDeleteÓ, agus tá an t-ádh libh. Beidh saothar ar mise agus mo chailín ag iarraidh ag dhul a bhaile um Nollaig i mbliana mar gheall ar an sneachta.
ReplyDelete@ 'An dóigh leat gur cuid den ealaín chéanna an staid'
ReplyDeleteNí raibh baint ar bith ag an nádúr leis an staid sin...:-)
Ní raibh baint ar bith ag an nádúr leis an staid sin.
ReplyDeleteAch thóg daoine an staid agus is cuid nádúrtha den saol muid. Ergo...