18 Aibreán 2010

Scamall luaithrigh os cionn na Vatacáine?



Ba cheart duit níos mó na an NYT a léamh i gcás mar seo, a Dennis ghroí,” a dúirt Aonghus liom cúpla lá ó shin. Rinne mé amhlaidh inniu. Bhí níos mó scannal (trí cinn acu, le bheith cruinn) ar an National Catholic Reporter ná mar a bhí ar an New York Times, in alt leis an teideal “Crisis hangs over pope in Malta like volcanic ash”. Tá moladh ag dul don NCR as a neamhbhailbhe.

1 comment:

  1. Tá moladh ag dul d'aon iriseoir a nochtann na fíricí iomláine. Déanann John Allen jab ana mhaith. Tá sé ar mo liosta faire le tamaill, faoi cheisteanna eaglasta i gcoitinne.

    Bhí an cancair seo ag lobhadh laistigh den chliarlathas ar feadh ró fhada, agus is cabhair é bheith amuigh as comhair an pobail.

    Ní shéanaim go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Eaglais agus ag an Pápa reatha. Ach ní hiad na ceisteanna a bhí á ardú ag an NYT na ceisteanna sin - ceisteanna bunaithe ar eolas ó dlíodóirí a raibh spéis airgid acu i gceangal leis an Vatacáin a chruthú i meoin an phobail.

    Ach, dar ndóigh, sin cuid den cluiche...

    ReplyDelete