06 Aibreán 2010

Cú Chulainn?


Is cosúil go bhfuil Séadanta ar tí cú cosanta an cheardaí, Culann, a mharú lena dhá láimh (insint amháin) nó lena shliotar (insint eile -- ós rud é go mbíonn dhá insint ar chuile scéal i gcónaí) :

Mad íar n-arailiu, immurgu, is a líathróit ro lá-som inna béolu co rruc a inathar trít.

De réir leagan eile, áfach, is é a liathróid a chuir seisean ina bhéal gur rug sí a ionathar tríd.

Bhí Culann croíbhriste nuair a maraíodh a chú. Dúirt Séadanta go gcosnódh sé tailte an cheardaí go dtí go mbeadh coileán tógtha leis an bhfeidhm sin a dhéanamh. Agus is mar sin a fuair Séadanta a ainm nua, Cú Chulainn.

Ach... bhí Séadanta ina ghasúr nuair a rinne sé an méid seo uilig, idir sé agus ocht mbliana d'aois más fíor do na scéalta. Tá an Séadanta seo beagán níos sine agus níos téagartha a déarfainn!

(Ní rud nua é an fógra seo thuas, ach ní fhaca mé go dtí inniu é, a bhuí le ball den liosta Old-Irish-L.)

8 comments:

  1. B'fhéidir go bhfuil sé beagáinín rómhór do dhéagóir. Is éard a rith liom nuair a chonaic mé é don chéad uair ná an chaoi a bhfuil an camán ina ghlac. Tá sé taobh thiar dá dhroim! Tá an cú ar an ionsaí agus tá an camán taobh thiar de. Seans dá laghad go mbeadh deis aige é a athrú thart agus an poc ceart láidir a thabhairt don sliotar in am.

    http://www.hennesseysbar.com/userimages/hurling3.jpg

    ReplyDelete
  2. Sílim go dtaispeánann sé easpa tuisceana ar an gcluiche, agus an scéal ar ndóigh. Déarfainn nach raibh sé cruthaithe ag Éireannach, ach eachtrannach a fuair treoir óna client.

    Mar shampla taispeánann an físeán seo ó Ghuiness tuiscint mhaith ar an gcluiche .i. déarfainn go raibh sé cruthaithe ag Éireannach.
    http://www.youtube.com/watch?v=ZoPM4RwOCW8

    ReplyDelete
  3. Bíonn na fógraí teilifíse ó Ghuinness go maith i gcónaí, feictear dom.

    Shilfeá go bhfuil mo dhuine sa phictiúr ar an ionsaí, agus nach mar sin a bhíonn sna cluichí éagsúla...

    ReplyDelete
  4. Chuala mé gur bhain fir feidhm as a gcuid camán i bhfaicseanaíocht (faction fighting) tráth den saol. An féidir gur mar sin a bheartaigh siad iad?

    ReplyDelete
  5. Nuair atáthar ag imirt feidhmíonn an camán mar arm cosanta, mar shampla nuair atáthar ag breith greim ar an sliotar san aer caithfidh go mbeadh an camán os do chionn agus do lámh os comhair an chamáin ionas nach bhféadfadh an t-imreoir atá ag teacht i do dhiaidh do lámh a bhuaileadh lena chamán.
    Ach arís ní luíonn sé le ciall cén fáth go mbeadh sé cosúil le Cú Chulainn thuas.

    Maidir le faicseanaíocht is cuimhin liomsa féin nuair a théimis go dtí an dioscó sa chéad sráidbhaile eile bhíodh troideanna ar na sráideanna idir lads le camáin!
    Chonaic mé carranna ag dul ann agus a mbúiteanna lán camán! Oíche amháin chonaic lad ag briseadh camán thar dhroim lad eile.
    ní airíonn na hoícheanta siúd uaimse, ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  6. "...ná an chaoi a bhfuil an camán ina ghlac."

    Feictear dom go bhfuil níos mó ná dhá insint fiú, an dá cheann ar thagair tú dóibh agus...

    ...agus an ceann thuas ina n-éiríonn le Séadanta, faoi mar a fheicimid, an camán a chosaint ar an gcú. Titeann an cú i lionn dubh dá bharr agus básaíonn sé.

    ...agus an ceann thuas ina dtochasann Séadanta a dhroim leis an gcamán agus é ag cur i gcéill go bhfuil claimhe air - ionas nach n-ionsódh an cú é. "A leithéid d'fhinscéal amaideach!", a deir an cú agus bailíonn leis.

    ReplyDelete
  7. Agus an cú bocht! Ní ach ag comhlíonadh a dhualgais a bhí sé.

    Bhíodh an nós barbartha seo ag na Rómhánaigh: chéas siad madraí uair amháin gach bliain toisc gur theip ar chúnna cosanta a sinsear, thiar sa bhliain 390 R.C., rabhadh a thabhairt dóibh nuair a rinne na Gaill ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil i lár na hoíche.

    ReplyDelete