16 Aibreán 2010

ealaín, collaíocht & an Eaglais, cuid a dó


Níl an píosa ealaíne seo le feiceáil i lár timpealláin i Málta, ach i séipéal in Oklahoma.


Deir cuid den phobal nach bhfeiceann siad dada “neamhghnách” ann. Ach tá an oiread sin feirge ar dhaoine eile gur fhág siad paróiste. Tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis ar chor ar bith ach atá ag fanacht mar a bhfuil siad mar sin féin. Agus scéal cinnte go bhfuil daoine eile ann atá an-tógtha leis an íomhá seo ... ar chúisí éagsúla.

2 comments:

  1. An raibh a fhios ag an ealaíontóir roimh ré cad a bhí á chruthú aige nó an saghas botún Freudach é?

    An-ghreannmhar mar sin féin. Is breá liom an chaoi nach dtugann daoine áirithe faoi deara é!

    ReplyDelete
  2. Is bean, Janet Jaime, a rinne an íomhá. Is cuid de thraidisiún sách fada í seo. Tabhair súil ar na pictiúir (106 acu) anseo. Ina measc siúd tá íomhá Éireannach ón ochtú haois (Evangéliaire de Saint-Gall) nach bhfuil collaíocht dá laghad ag baint léi. Chlúdaigh an t-ealaíonteoir meánaoiseach an “dia ionchollaithe” seo le cumhdach bolgóideach crosfhite... le nach mbeadh an t-ionchollú ró-chollaí. Nó rud éigin mar sin!

    ReplyDelete