24 Aibreán 2010

na rudaí a d'ith mé anocht


Anocht d'ith mé an leathbhreac Hawaiiach de arán donn agus stobhach Gaelach: poi agus laulau. Faigheann ollmhargadh anseo i Seattle an dá délice seo caol díreach ó Hawai‘i. Sin buntáiste amháin atá againn anseo ar imeall an Domhain Thiar! Níl a fhios agam ach is féidir nár itheadh ceachtar acu seo riamh in Éirinn.

Tosaíonn an dá bhia seo le kalo (nó taro), planda a fhásann in uisce, cosúil le rís. Itear na duilleoga agus na fréamhacha araon.


laulau beagán casta. Filltear muiceoil nó sicín, duilleoga úra kalo, agus beagán iasc saillte isteach i nduilleoga ki (nó ti) agus bruitear i ngalchorcán an pacáiste seo. Ní itear na duilleoga ki. Tá na duilleoga kalo beagáinín cosúil le spionáiste agus iad bruite -- nó meascán de spionáiste agus samhadh. Laulau le sicín a bhí agam anocht, ach seo pictiúr de laulau le muiceoil díreach tar éis é a oscailt. (Ní dhearna mise an méid seo uilig seo ar chor ar bith. Laulau prêt à manger a cheannaigh mé!)


Agus séard a itear leis an laulaupoi, céard eile? Is rud cuibheasach simplí é an poi seo. Tá sé an-mhín, beagán géar, agus itear le spunóg é na laethanta seo. Bíonn dath liathchorcra air i gcónaí.


Déantar as fréamhacha an kalo é. Bruitear iad, scamhtar iad agus brúitear iad. Sin an méid.


Ceannaíonn beagnach chuile dhuine poi ón ollmhargadh, i mála plaisteach. Seo é an branda a d'ith mé anocht.


Bhí an béile seo chomh blasta agus go raibh orm é a roinnt libh!

6 comments:

  1. Ó tharla gur beag inimirce as Haváí inár measc abhus, caolseans go bhfeicfidh muid beatha mar seo in Éirinn. Tá an éagsúlacht bídh atá ar fáil anseo, thar mar a bhí 20 bliain ó shin, suntasach - ach is de bharr inimirce (agus aisimirce) atá sin amhlaidh.

    ReplyDelete
  2. Ceist agam ort, Dennis. Cén cineál poi a d’ith tú? Poi aonmhéar, poi dhá mhéar, nó an cineál is fearr liomsa, poi trí-mhéar.

    ReplyDelete
  3. Ag tagairt do raimhre an poi atá Seán. Cuirtear uisce leis an bpoi a thagann as an mála. Tig leat é a dhéanamh níos tanaí le níos mó uisce. Tá poi trímhéarach níos tanaí ná an poi a itear le dhá mhéar. Is fearr liom beagán tanaí é freisin. Le spúnóg a ithim é de ghnáth, ní le mo mhéara.

    ReplyDelete
  4. Ar saoire dom a d'itheas an poi. An stuif tiubh a thaitin liomsa.

    ReplyDelete
  5. Ba mhaith liom an laulau a bhlaiseadh ach n'fheadar faoin poi! Ní fear mór anraith mé.

    ReplyDelete
  6. Deir lucht a dhíspeagtha go bhfuil sé cosúil le glae (library paste)!

    ReplyDelete