18 Samhain 2014

bearrthóir & feimíneach


Sa bhlagmhír Irish has a word for it! tá dhá focal ar an liosta a bhfuil an chiall chéanna acu:

bearrthóir - Tail-chewing animal.

feimíneach - Tail-eating animal.


Is cosúil go bhfuil ainmhithe ann - ba, caoirigh agus gabhair - a chreimeann na ribí róin a fhasann ar eireabaill ainmhithe eile nó ar a n-eireabaill féin. Tá bó nó caora mar sin in ann an rón ar fad ar chapall a ithe in aon lá amháin, más fíor. Tagraíonn na focail thuas, bearrthóir agus feimíneach, d'ainmhithe mar sin, mura bhfuil dul amú orm.



Feictear dom, áfach, go bhfuil feidhm eile ag fanacht leis an bhfocal “feimíneach,” agus seo é:



Tá ainmhithe eile mar seo le feiceáil in ealaín na Meanaoise, ainmhithe a bhfuil greim acu ar a n-eireaball féin nó ar eireaball ainmhí eile. Tá na cúnna seo le feiceáil i Leabhar Cheanannais mar shampla: 



Agus na nathracha (?) seo i Leabhar Dharú:


Is é an feimíneach is clúití ar fad ná Ouroboros:


2 comments:

  1. Spéisiúil. Níor tháinig mé roimhe seo fiú ar bhunús an fhocail sin, feimín / feimide.

    ReplyDelete
  2. Tá an focal "feam" (S-G. "femm") againn fós freisin.

    ReplyDelete