Ní Pangur Bán a bhí ar an gcat seo áfach. Singsong a bhaist mé air, más fíor do sheanchas mo thuismitheoirí. Tuairim is trí bliana d'aois a bhí mé ag an am sin, nach ndéarfá?
Baile an Eibhir
1 week ago
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
Chomh hóg leis sin? Bhí tú breá ard mar sin!
ReplyDeleteCeithre, meas tú? Níl a fhios agam dáiríre
ReplyDeleteTá an cat beagnach chomh mór leat féin!
ReplyDeleteMar a scríobh mé thall ar Twitter, a Dennis, bhí cat bán againn féin fadó...Snowball an t-ainm a bhíodh uirthi, agus mhair sí go dtí go raibh sí ceithre bliana déag d'aois...bhí mé croí briste nuair a fuair sí bás..:-(
Ceithre bliana d'aois, déarfainn, ach cailleann tú an "saineolas" maidir le haois páiste nuair a bhíonn do pháistí féin fásta suas, nó geall leis.
ReplyDeleteBhí cat againne nuair a bhí mé an-óg. Is ar imeall mo chuimhne atá sé anois ach Minx ab ainm dó (nó di).
Nach álainn an pictiúr atá ann! An scoláire óg lena Phangur Bán. :) Sea, cheithre bliana, sin í mo thuairimse chomh maith.
ReplyDelete