11 Aibreán 2012

neantóga


Ceist: Cé hé seo agus cén fáth a bhfuil sé glas?


Ní hansa: Jetsun Milarepa an t-ainm atá air. Yogi agus file Tibéadach a bhí ann. Péinteáiltear é i gcónaí le craiceann glas toisc gur mhair sé beo ar neantóga den chuid is mó, ar nós Choilm Cille, más fíor de na scéalta.



Seo iad na neantóga a bhain mé tráthnóna inné. Anraith neantóg a bheas ar an mbord anocht!

4 comments:

  1. Bhí anraith neantóga agam na blianta siar.
    Bhfuil oideas maith agat?

    ReplyDelete
  2. Tá mé an-sásta leis anraith seo. Pictiúir agus comhábhair sa chéad bhlagmhír eile.

    ReplyDelete
  3. Bhlas mé an tsú neantóga fadó, ach más buan mo chuimhne, cha raibh ann ach uisce glas! B'fhéidir nár cócaire ró-mhaith a bhí á ullmhú, cad é mar a d'iarraidh leat?

    ReplyDelete
  4. D'éirigh go maith liom! Maidir leis an uisce glas, tá min coirce nó práta ag teastáil le téagar a thabhairt don anraith.

    Dála an scéil, is suimiúil an rud é gur scríobh tú “d'iarraidh” in áit “d'éirigh”. Fuaimnítear mórán mar a chéile iad sa Tuaisceart is dócha.

    ReplyDelete