19 Aibreán 2012

litreacha móra



Seo íomhá de litreacha móra uilleacha ar leathanach i Leabhar Lindisfarne, a scríobhadh thart faoin mbliain 700 AD. Tá litreacha móra eile an-chosúil leo seo le feiceáil i Leabhar Cheanannais freisin.




Agus seo leathanach as leabhrán ó arú inné. Chlóigh mé na focail le litreacha a ghearr mé as scriosáin le scian X-Acto. Tá sé an-éasca “stampaí rubair” de do chuid féin a dhéanamh mar seo. Cad é an Ghaeilge ar artsy-craftsy ?

5 comments:

  1. Cad é an Ghaeilge ar artsy-craftsy ?

    Ceist mhaith. ealaíonach-ceirdiúil?

    Deas pé scéal é!

    ReplyDelete
  2. ealaíonach-ceirdiúil?

    Cloífidh mé leis an leagan Béarla de rogha air sin!
    ;-)

    Dála an scéil, tá cúpla aistriúchán nua den scéilín againn, mar atá Fala, Freaslainnis (Frysk), agus Chabacano.

    ReplyDelete
  3. @ Cad é an Ghaeilge ar artsy-craftsy?

    Ceirdlámhach?

    ReplyDelete
  4. Is maith liom é sin! I bhfad níos fearr ná baclámhach nó cack-handed!

    ReplyDelete