06 Deireadh Fómhair 2011

tobermorite


Seo sampla eile de theanga na nGael in úsáid sa saol mór lasmuigh den teanga féin. Tobermorite an t-ainm atá ar an mianra seo. Ainmníodh é as Tobermory (.i. Tobar Mhoire) in Albain, toisc gur frítheadh é den chéad uair riamh sna bólaí úd.


Tá an Dr. Nichola Coleman, eolaí ag Ollscoil Greenwich, díreach tar éis dóigh shimplí a chruthú le tobermorite a dhéanamh as buidéil athchúrsáilte. Cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach? Ní hansa:

1) Is féidir tobermorite a úsáid le luaidhe agus miotail throma eile a scagadh as uisce truaillithe.

2) Úsáidtear stroighin anois leis an obair seo a dhéanamh, ach tá stroighin costasach.

3) Is féidir tobermorite a dhéanamh as gloine bhriste, fuíoll stroighne, agus uisce te ar chostas íseal, de réir an Dr. Coleman.

4) Tá a lán buidéal beorach agus fíona ann anois nach leáitear le buidéil nua a dhéanamh. Dumpáilte iad.

Dála an scéil, níl leagan Gaeilge den fhocal “tobermorite” ag focal.ie ... fós.

2 comments:

  1. Cad a mholfá? Cloch thobar mhóire?

    ReplyDelete
  2. Bíonn an Ghaeilge níos Laidiní ná sin de ghnáth i gcúrsaí téarmaíochta.

    tobarmhoirít / tobarmhuirít ?

    ReplyDelete