06 Deireadh Fómhair 2011

ka-ROON?



Tá drioglann in Albain ag déanamh biotáille Ghinéive (aka gin) anois. Bhaist siad Caorunn uirthi. Is cosúil go mbaintear úsáid as caora caorthainn le blas a chur uirthi, i measc luibheanna eile. “Caorunn” an leagan Gàidhlig den fhocal Gaeilge “caorthann”. Scríobhtar mar sin é i bhfoclóir Dwelly, cé gur “caorann” an litriú nua. Tá go maith.

Ach nuair a léigh mé faoin gin seo i nuachtán inné (ní cuimhin liom cén ceann), dúradh liom gur chóir dom ka-ROON a rá. Thit mo chroí. /k‘ʎːrən/a deirtear i nGaeilge na hAlban, ar ndóigh, leis an mbéim ar an gcéad siolla agus an guta sin cosúil le “eu” na Fraincise.

Is dócha gur saghas “tá dea-scéal agam agus droch-scéal” atá againn anseo. Bhain siad úsáid as focal Gaelach, an focal ceart, agus scríobh siad i gceart é. Ach mhill siad an fuaimniú go huile is go hiomlán. *osna*

4 comments:

  1. Ní bheadh na Gaill bhochta in ann é ordú gan simplí dóibh! Agus sin an chloch is mó ar phaidrín aos margaíochta. Ach ní fada uainn Sam Hain. Beidh díoltas ag sprid na nGael! ;-)

    ReplyDelete
  2. Fíor duit. Agus dh’atharraich iad ainm an “Aonach Mór Ski Lift” go “Nevis Range Ski Lift”, de bharr nach dtiocfadh leis na Sasanaigh an focal “Aonach” a rá.

    ReplyDelete
  3. Agus má bhíonn sé de dhásacht ag aon duine "caorunn" a rá (mar atá an fuaimniú ceart a úsáid), bí cinnte de go mbeidh duine eile ann len é a cheartú! Ka-roooooon!!

    ReplyDelete