20 Deireadh Fómhair 2011

Bhí marú ag teastáil uaidh.



Níl a fhios agam an féidir é a rá mar sin i nGaeilge. I nDeisceart Mheiriceá séard a deirtear ná “He needed killing.”

9 comments:

  1. Dlíodh dó bás?

    Seans; ach fágann a bhás mar a bhásaigh sé drochbhlas. Amhras orm gur fheil sé do go leor nach gcuirfí triail air.

    ReplyDelete
  2. @ Amhras orm gur fheil sé do go leor nach gcuirfí triail air.

    Mise freisin, a Aonghuis.

    ReplyDelete
  3. Nach bhfuil cearta daonna aige fós? Fiú más bithiúnach é.

    ReplyDelete
  4. Nach bhfuil cearta daonna aige fós?

    I dteoiric. Ach is é lucht Mhisrata a fuair é, agus bhí an chloch (agus an scian, an teilgeoir roicéad, agus kalashnikov nó dhó) sa mhuinchille acu dó, agus ní gan fáth. Is ionadh liom gur fhág siad a cheann ar a cholainn.

    ReplyDelete
  5. Ní nós le giollaí an CIA duine a dícheannadh.

    ReplyDelete
  6. Sea, tá siad chuile áit. Faoi do leaba freisin, gan dabht.

    ReplyDelete
  7. Caithfidh mé a admháil gur baineadh siar asam nuair a chonaic mé na físeáin ar an idirlíon.

    Bhí coinne mhór sa chúirt ag teastáil ón mbithiúnach.

    Ach tá an deis imithe anois, agus fiú an chuma ar an scéal nach raibh suim ar bith ag ECAT go dtarlódh a leithéid d'ainneoin an Iarthar a bheith de shíor ag seanmóireacht a leithéid.

    Tá an baol ann anois go bhfuil mairtíreach déanta as Gadaffi fiú. Mar, in ainm Chríost, ní mharófaí madra...

    (Agus bheadh coinne os comhair na cúirte de dhith ar go leor bithiúnach eile ach an chumhacht cham dá gcosaint.)

    Dá olcas Gadaffi, ba mheasa fós an bhúistéireacht dhiabhalta lena gcuireadh chun báis é, agus ba iad saighdiúirí de chuid ECAT a d'éascaigh í.

    Ní tús maith é don stát nua.

    ReplyDelete
  8. Ní maith liom gur maraíodh é. Ach tuigim gur maraíodh é.Súil ar shúil, fiacail ar fhiacail. Agus mná i bhfolach, ar ndóigh.

    ReplyDelete
  9. “He needed killing,” a scríobh tú, Dennis. An ea go n-aontaíonn tú leis an mbarúil sin nó go raibh fút díospóireacht a spreagadh? Déistin is mó a mhothaigh mise ar chloisteáil dom faoin mbrúidiúlacht. Cuma liom méid a choireanna, ní raibh bás dá leithéid tuillte aige, ná ag aoinne eile, cuma cé hé. Tá sé in am dúinn uilig stop de bheith ag gairm ‘cás eisceachtúil’ ar coireanna áirithe sa chaoi go gceadaítear rialacha na sibhialtachta a thrasnú.
    I gcás mo dhuine bocht, guím trócaire Dé ar an anam.

    ReplyDelete