30 Iúil 2011

ortha scríofa


Seo sliocht as LS 72.1.2 i Leabharlann Náisiúnta na hAlba, a tháinig anuas chugainn ó am nach raibh clinicí torthúlachta ar fáil... do mhná ná do chrainn.


ITEM an fighuir so do scribadh 7 a cur fo braidhid na mna gun fis da fer 7 beirigh si clann mad aimrid :

ITEM an fhíor seo a scríobhadh agus a chur faoi bhráid na mná gan fíos dá fear agus béarfaidh sí clann más aimrid (í) :

Tosaíonn an fhíor mar seo:


a cur fa braighid croinn nach tic toradh air roime sin riam ticfaidh toradh maith air o sin amach go bas an croinn.

a chur faoi bhráid crainn nach dtig toradh air roimhe sin riamh; tiocfaidh toradh maith air ó shin amach go bás an chrainn.

3 comments:

  1. i ngan fhios dá fear...spéisiúil. cén fáth é sin, n'fheadar?

    ReplyDelete
  2. Hmmm. Gan ábhar dóchais a tabhairt dó ró-luath? Nó le go mbeadh dul as ag an docthúir?

    An Bhean: Níl mé torrach fós. Níl an fhíor a thug tú dom ag obair.

    An Dochtúir: An bhfuil tú cinnte nach bhfaca d'fhear í?

    An Bhean: Bhuel...

    ReplyDelete
  3. Nach siocair colscartha aimrid sa Féineachas?

    Ba dual foscadh gan dabht!


    Fearn

    ReplyDelete