16 Iúil 2011

hipithe san India



Chuir an méid a dúirt Áine faoi “hippy chat” an scéilín seo i gcuimhne dom. Chaith mé bliain ag staidéir san India ag BHU, ollscoil mhór i Varanasi, nuair a bhí mé bliain is fiche d'aois. Is cathair ársa naofa í Vārāṇasī (वाराणसी : Vah-RAH-nuh-see) agus bhí a lán hipithe le feiceáil ansin agus ar fud na hIndia sa bhliain 1970.

Bhí mé suite i cycle rickshaw lá amháin ag comhrá leis an rickshaw wallah mar ba ghnách liom, ag iarraidh mo chuid Hindise a chleachtadh. Chuir mé ceist air: “Cén fáth ar tháinig na hippies uilig go dtí an India?” An freagra a bhí aige: “Bhí cogadh san Iarthar. Chaill na hipithe agus tá siad ar a dteithe anois.”

Níl a fhios agam cér thóg an grianghraf thuas. “Hippies in India” an lipéad atá ar an jpeg a fuair mé ó Íomhánna Google. Thogh mé é toisc go léiríonn sé go beacht an chuma a bhí orthu - an fear leis an ngruaig fhada go háirithe - sna blianta úd.

2 comments:

  1. Scéal maith agus cá bhfios nach bhfuil eithne den fhírinne ann. An chuid acu nach ndearna claochlú orthu agus atá anois i réim.

    ReplyDelete
  2. Nach siúlach an teangaire tú!!

    ReplyDelete