04 Iúil 2011

cumascóirí faoi chumhacht na gcos



Cé nár thóg mé an pictiúr seo (ó Íomhánna Google a fuair mé é), chonaic mé an seastán céanna Dé Sathairn ag margadh na bhfeirmeoirí anseo. Bhí beirt ar na diallaití, athair agus mac, ag rothaíocht go tréan chun caoineoga a dhéanamh as an sú is an oighear is an iógart (nó cibé rudaí a bhí ann) a bhí sna cumascóirí.



Seo pictiúr de rothchumascóir eile atá ar fáil ar an idirlíon ... ar $1,700!

11 comments:

  1. Caoineog. Hmm.

    Ach gléas chliste, do mhargadh ach go háirithe. Ach is dócha go mbeadh an-tóir acu ar a gcuid earraí féin ach é bheith meirbh!

    ReplyDelete
  2. An smaoineamh! Chonaic mé duine ag rothaíocht uair agus fón soghluaiste á luchtú acu.

    ReplyDelete
  3. An rud is annamh is iontach!

    ReplyDelete
  4. Caoineog. Hmm.

    Níl mé an-tógtha leis ach oiread. Moltaí eile? Is maith liom an focal atá acu air i Meicsiceo: un licuado. Smoothie /smu:zi:/ a deirtear sa Fhrainc, go gcuimhin liom.

    ReplyDelete
  5. @ Níl mé an-tógtha leis...

    Níl ná mise. Déanfaidh mé machnamh ar fhocal nua, a Dennis, agus tiocfaidh mé ar ais chugat.

    ReplyDelete
  6. “Blender drink” seachas “smoothie” a deirim anseo sa bhaile de ghnáth, .i. deoch cumascóra. Ach níl sé sin ró-snappy.

    ReplyDelete
  7. Duine is túisce a ritheadh liomsa le caoineog. Is maith liom Mínín agus cumascóg, cumascóg níos fearr de bheagán sílim.

    B'fhiú iad a chuir faoi bhráid an gCoiste Áine.

    ReplyDelete